An difríocht idir athruithe ar: "An Tuirc"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 42:
|glaochód=90
|fonótaí=}}
[[Tír]] is ea í '''[[Poblacht]] na Tuirce''' ([[An Tuircis|Tuircis]]: ''Türkiye Cumhuriyeti'') a bhfuil 7% dá hachar suite san [[An Eoraip|Eoraip]] agus 93 % de san [[An Áise|Áise]]. Is í [[Ankara|Ancara]] an [[Príomhchathair|phríomhchathair]] ach tá [[Iostanbúl]] ar an g[[Cathair (lonnaíocht)|cathair]] is mó.
[[Tír]] is ea í '''[[Poblacht]] na Tuirce''' ([[An Tuircis|Tuircis]]: ''Türkiye Cumhuriyeti'') a bhfuil seacht % dá hachar suite san [[An Eoraip|Eoraip]] agus 93 % de san [[An Áise|Áise]]. Is í [[Ankara|Ancara]] an phríomhchathair ach tá [[Iostanbúl]] ar an gcathair is mó. Tá an tír roinnte ina haon chúige is ceithre scór (''il'' a thugtar ar chúige as Tuircis, ''iller'' an uimhir iolra). I Mí Lúnasa 2006, measadh go raibh 70,413,958 duine ina gcónaí sa Tuirc. Cé go bhfuil an Tuircis ó dhúchas ag an gcuid is mó acu, tá mionlaigh mhóra eitneacha sa tír. Is iad na [[Cuirdínigh]] an dream eitneach is mó a bhfuil teanga agus nósanna dá gcuid féin acu, ach is deacair breithiúnas maith a thabhairt ar a gcéatadán, ós rud é nach gceadaíonn reachtaíocht na Tuirce go dtabharfaí aitheantas ar bith do na saindreamanna eitneacha sna daonáirimh. Is é oirdheisceart na tíre fód traidisiúnta dúchais na gCuirdíneach, ach chuaigh cuid mhór acu a chónaí in Iostanbúl nó go dtí na cathracha móra eile, ós rud é go bhfuil an t-atmaisféar níos liobrálaí iontu. Sna ceantair oirdheisceartacha, áfach, tá [[Arm na Tuirce]] ag cur catha ar na treallchogaithe Cuirdíneacha atá ar lorg neamhspleáchais. Fuair tríocha míle duine bás sa choimhlint seo ó na seachtóidí anuas, agus an daonra sibhialta go mór mór thíos leis an gcogadh seo.
 
Tá an tír roinnte ina haon chúige is ceithre scór (''il'' a thugtar ar chúige as Tuircis, ''iller'' an uimhir iolra).
Tá an Tuirc suite i réigiún a chuir a lán craiceann de ó thaobh na teanga agus an chultúir de i rith na gcéadta bliain. Bhí an Impireacht Bhiosántach agus an Impireacht Otamánach suite anseo. Ós rud é go bhfuil an Tuirc lonnaithe in áit chinniúnach idir an Eoraip agus an Áise, tá cultúr measctha aici ina dtagann traidisiúin an Iarthair agus an Oirthir le chéile. Is minic a deirtear gur droichead idir an dá thrá seo is ea í an Tuirc. Dá réir sin, tá tábhacht straitéiseach na Tuirce i súile na gcumhachtaí móra ag dul chun méadaíochta le fada.
 
== Daonra ==
Poblacht shaolta dhaonlathach lárnaithe is ea í an Tuirc. B'é Mustafa [[Kemal Atatürk]], thiar sa bhliain 1923, a chuir an chéad tús leis an gcóras polaitiúil atá i bhfeidhm sa tír inniu, nuair a thit an tóin as an Impireacht Otamánach i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda. Ó na laethanta sin ar aghaidh, tá an Tuirc ag éirí níos cóngaraí don Iarthar, cé go bhfuil sí ag coinneáil caidrimh leis an gcuid eile den tsaol Ioslamach. Tá sí ina ballstát bunaithe de na Náisiúin Aontaithe, d'Eagraíocht na Comhdhála Ioslamaí, den Eagraíocht um Chomhoibriú agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD), agus den Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip (OSCE). Tá sí ina ballstát de Chomhairle na hEorpa ón mbliain 1949 anuas, agus chuaigh sí san ECAT (NATO) sa bhliain 1952. Ón mbliain 2005 anuas, tá comhchainteanna ar siúl idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc faoi bhallraíocht iomlán na Tuirce san eagraíocht.
I Mí Lúnasa 2006, measadh go raibh 70,413,958 [[duine]] ina gcónaí sa Tuirc.
 
Cé go bhfuil an [[An Tuircis|Tuircis]] ó dhúchas ag an gcuid is mó acu, tá mionlaigh mhóra eitneacha sa tír.
 
Tá an Tuirc suite i réigiún a chuir a lán craiceann de ó thaobh na teanga agus an [[Cultúr|chultúir]] de i rith na gcéadta bliain. Bhí an [[Impireacht Bhiosántach]] agus an [[Impireacht Otamánach]] suite anseo. Ós rud é go bhfuil an Tuirc lonnaithe in áit chinniúnach idir an Eoraip agus [[an Áise]], tá cultúr measctha aici ina dtagann traidisiúin an Iarthair agus an Oirthir le chéile. Is minic a deirtear gur droichead idir an dá thrá seo is ea í an Tuirc. Dá réir sin, tá tábhacht straitéiseach na Tuirce i súile na gcumhachtaí móra ag dul chun méadaíochta le fada.
 
=== Na Coirdínigh ===
Is iad na [[Coirdínigh]] an dream [[Eitneolaíocht|eitneach]] is mó a bhfuil [[Teanga (cumarsáid)|teanga]] agus nósanna dá gcuid féin acu, ach is deacair breithiúnas maith a thabhairt ar a gcéatadán, ós rud é nach gceadaíonn reachtaíocht na Tuirce go dtabharfaí aitheantas ar bith do na saindreamanna eitneacha sna daonáirimh.
 
Is é oirdheisceart na tíre fód traidisiúnta dúchais na gCoirdíneach, ach chuaigh cuid mhór acu a chónaí in Iostanbúl nó go dtí na cathracha móra eile, ós rud é go bhfuil an t-atmaisféar níos [[Liobrálachas|liobrálaí]] iontu. Sna ceantair oirdheisceartacha, áfach, tá Arm na Tuirce ag cur [[Cogadh|catha]] ar na treallchogaithe Coirdíneach atá ar lorg [[Neamhspleách (polaitíocht)|neamhspleáchais]]. Fuair tríocha míle duine [[bás]] ar a laghad sa choimhlint seo ó na [[1970idí]] anuas, agus an [[daonra]] sibhialta go mór mór thíos leis an g[[cogadh]] seo.
 
== Polaitíocht ==
[[Poblacht]] [[Daonlathas|dhaonlathach]] lárnaithe is ea í an Tuirc, fós.
 
Tá an Tuirc ina ballstát bunaithe de na [[Na Náisiúin Aontaithe|Náisiúin Aontaithe]], d'Eagraíocht na Comhdhála Ioslamaí, den Eagraíocht um Chomhoibriú agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD), agus den Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip (OSCE).
 
Tá an Tuirc ina ballstát de [[Comhairle na hEorpa|Chomhairle na hEorpa]] ón mbliain 1949 anuas, agus chuaigh sí san [[Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh|ECAT]] (NATO) sa bhliain 1952.
 
== Stair ==
 
=== [[1920idí]] ===
B'é Mustafa [[Kemal Atatürk]], thiar sa bhliain 1923, a chuir an chéad tús leis an gcóras polaitiúil atá i bhfeidhm sa tír inniu, nuair a thit an tóin as an [[Impireacht Otamánach]] i ndiaidh [[an Chéad Chogadh Domhanda]].
 
Ar an 28 Márta 1930 bhí athrú na hainmneacha ar dhá chathair sa Tuirc: Iostanbúl (Cathair Chonstaintín) agus Ancara (Angora),
 
=== 2005-2015 ===
Ó 2005 go dtí 2015, bhí an Tuirc ag éirí níos cóngaraí don [[Iarthar na hEorpa|Iarthar]]. Bhí comhchainteanna ar siúl idir an t[[An tAontas Eorpach|Aontas Eorpach]] agus an Tuirc faoi bhallraíocht iomlán na Tuirce san eagraíocht.
 
=== 2016 - ===
Níor éirigh le "[[coup d'état]]" sa [[Bliain|bhliain]] 2016.
 
== Tíreolaíocht ==