An difríocht idir athruithe ar: "Gaeilge na hAlban"

Content deleted Content added
No edit summary
Formalization in some parts has been corrected.
Líne 73:
{{glanadh}}
* Gné ar leith i bhfuaimíocht na Gaeilge, a bhfuil tionchar aige ar fhuaimniú na hAlban i gcoitinne, ná — cf. ''girl'' /ˈɡɯ.rəl/ agus ''film'' /ˈfɪ.ləm/) go sátar gutaí cúnta idir chonsain áirithe nuair a bhuaileann siad le chéile; is é sin le rá, idir ''sonorants'' (<l> or <r>) agus i ndiaidh consain áirithe:
:tarbh — /ˈtæ.rəv/;
:Alba — /ˈæ.lə.pæ/.
* Is spéisiúil go bhfeictear an ghné seo, atá ag na teangacha Ceilteacha i gcoitinne, i dteangacha Indiacha freisin, agus is uathusan a gheibheann sé ainm, svarabhakti. Mar nach bhfeictear anois é ach sna teangacha is faide siar agus is faide soir desna [[teangacha Ind-Eorpacha]], tugann sé seo tuairim dúinn go raibh sé sa Phróta-Ind-Eorpais, ach gur cailleadh é i lár a réimse san áit ar mhó an t-athrú teangan.
Déantar ''fuaimniú'' ar ''b'', ''d'' agus ''g'' i dtús focla, ach ní dhéantar é i lár ná ag deireadh focla:
:duine — /ˈdu.ɲə/;
:bradan — /ˈbræ.tæn/;
:balach — /ˈbæ.ləx/;
:Alba — /ˈæ.lə.pæ/.
* Le <p> agus <t>, is é an riail ná go bhfuaimnítear iad sa ghnáthmhodh (neamhghlórach) ag tús focail, ach go bhfuilid réamhanálaithe i lár nó ag deireadh focail (braitheann méid na difríochta seo ar an gcanúint):
: cat — /kæçt/ nó /kæxt/.
* Ní fhuaimnítear gutaí gan bhéim ag deireadh focla nuair a leanann focal ag tosú le guta é:
duine — /ˈdu.ɲə/;
 
an duine agad — /ən ˈdu.ɲə ˈæ.kət/
Is binne í an Ghaeilge dá bharr seo.
Line 108 ⟶ 109:
:Mar shampla:
 
:tha i bòidheach — tá sí go hálainn;
:tha ise bòidheach — tá ''sise'' go hálainn (seachas aon duine eile).
 
Feictear béim ghramadaí i gcásanna eile freisin:
:an taigh aice''se'' — a tigh ''siúd;''
:chuirinn''se'' — chuirfinn''se;''
:na mo bheachd-sa — i ''mo'' thuairimse.
 
* "Tá agus is": Tá dhá bhriathar sa Ghaeilge ar an mbriathar "to be": Tugann ''tha'' le fios gné éigin atá ag ainm nó ag forainm, ach is gnách ''is'' le hainm nó forainm a chur in iúl (to identify a noun or pronoun as a complement). (Is féidir 'is' a úsáid le cur síos nó gné a chur i gcéill ar ainm nó ar fhorainm, ach go ginearálta ní húsáidtear é mar seo ach i bhfoirmeacha ársa, m.sh., '"Is beag an t-iongnadh'":
 
:tha mise sgìth — tá mé tuirseach;
:is mise Eòghan.
 
* Is féidir, ámh, feidhm a bhaint as ''tha'' le rá gur rud áirithe atá i rud eile trí thréith a dhéanamh de:
Line 127 ⟶ 128:
== An tAlt ==
Tá níos mó ná alt deimhnitheach amháin sa Ghaeilge, ach níl aon alt neamh-dheimhnitheach ann:
:an taigh — an teach;
:taigh — teach (a house).
Braitheann foirm an ailt (deimhnithigh) ar uimhir, inscne, chás agus chéadlitir an ainm.
 
(i). Le hainmneacha firinscneacha, ainmneacha, san uimhir uathu, úsáid ''an'', ''am'', agus ''an t-''
:an cat (agus le hainmneacha nach séimhítear);
:am balach (le hainmneacha a thosaíonn le consain ''liopa'');
:an t-òran (ainmneacha a thosaíonn le gutaí).
 
(ii). Nuair ar féidir túschonsan an ainm a shéimhiú, baintear feidhm as (a') in dhá chás:
Line 146 ⟶ 147:
(iv). Leis an iolra (ainmneach agus tabharthach), tá rudaí níos éasca. Is gnách ''na'' mar alt, ach ''na h-'' a bhíonn againn má thosaíonn an t-ainm le guta:
:na cait;
:na h-àireamhan — na huimhreacha.
 
(v). Braitheann foirm an ghinidigh iolra (nan nó nam) de réir mar a thosaíonn an t-ainm le ''labial'' nó a mhalairt:
Line 164 ⟶ 165:
 
Tá roinnt difríochtaí tábhachtacha, ámh. An rud a fheictear láithreach, ná go scríobhtar an síneadh fada mar ''ghraif'' (`) in Albain, seachas ''agúid'' (´) in Éirinn. Scríobhtar an focal''fáilte'' mar ''fàilte'' i nGaeilge na hAlban. In Albain, is é ''cha(n) eil'' an (neg participle) san áit atá ''níl'' (giorrúchán de ''chan eil'') in Éirinn an lae inniu, m.sh. (ceadaítear ''cha'' in Éirinn fós, ach níl sé in úsáid ach in áiteanna i dTír Chonaill):
:Gaeilge na hAlban—hAlban — ''Chan eil airgead agam''.
:Gaeilge na hÉireann — ''Níl aon airgead agam''.
 
Line 219 ⟶ 220:
Tar éis neamhshuim agus dímheas ar feadh na gcéadta bliain ó rialtais éagsúla, tá Gaeilge na hAlban ag fáil roinnt aitheantais ar deireadh. Tá sí á múineadh sna scoileanna, ina measc scoileanna mar ar mheán teagaisc í. Tá feidhm á baint aisti freisin i rialtas áitiúil, Comhairle nan Eilean. Tá stáisiún raidió sa teanga ag an [[BBC]], Raidio nan Gàidheal (agus bíonn comhchraoltacháin go rialta aige le [[Raidió na Gaeltachta]], seirbhís raidió Gaeilge na hÉireann) Bíonn cláracha teilifíse sa teanga ar an BBC agus ar stáisiún [[ITV]], go minic le fotheidil as Béarla. Tá stiúidió i Steornabhadh ag Grampian Television, a chuireann seirbhís ITV ar fáil i dtuaisceart na hAlban.
 
Mar sin féin, tá caint ar sheirbhís ar leith teilifíse i nGaeilge na hAlban, ar nós [[S4C]] sa [[an Bhreatain Bheag|Bhreatain Bheag]] agus [[TG4]] in [[Éire|Éirinn]]. Mar a ceapadh sa Bhreatain Bheag, measadh nárbh fhearr na cláracha a shá isteach mar athraithe réigiúnda ar na príomhstáisiúin, mar nár leor é don 60,.027 atá á labhairt, agus gur mhí-ádh é don 5,.900,.004 duine nach labhraíonn ach Béarla nó ´Scots´. Ach de réir dealraimh, níl sé soiléir gur 'mí-ádh' dóibh siúd é: taispeánann figiúirí féachana chlárach Gaeilge BBC amháin ar a laghad go mbreathnaíonn níos mó air ná Gaeilgeoirí na hAlban. Ná níl aon ghearáin á gcur ag an BBC mar gheall ar chláracha Gaeilge ar stáisiúin teilifíse an BBC, b'fhéidir mar go mbaineann daoine gan Ghaeilge ar bith taitneamh astu le fotheidil as Béarla.
 
Tá comharthaí bóthair Ghaeilge á gcrochadh ar fud na Gaeltachta de réir a chéile. Go minic níor ghá ach glacadh leis an litriú ceart desna logainmneacha, ach fiú leis seo, b'éigin dul i gcoimhlint le frith-Ghaelachas, atá láidir go maith fós in áiteanna. Déanann iriseoirí nuachtáin magadh go minic de chultúr agus de theanga na nGael, i mbealach nach gceadófaí maidir le haon ghrúpa eile, agus iarrann siad deireadh a chur le gach aon chúnamh ón rialtas.
Line 229 ⟶ 230:
Is iad príomhthréithe an Bhille ná:
 
* Aitheantas dlithiúil a thabhairt don Ghaeilge mar cheann de theangacha na hAlban;
* [[Bòrd na Gàidhlig]], a chuirfeadh an Ghaeilge ar aghaidh, a fhoirfiú de réir dlí, chun feidhm agus tuiscint ar an dteangan a chur ar aghaidh;
* Iallach a chur ar Bhòrd na Gàidhlig Plean Náisiúnta Gaeilge a cheapadh chun go nglacfaí leis ag airí na hAlban;
* Iallach a chur ar eagraisí poiblí in Albain plean teangan Gaeilge a phlé maidir leis na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.
 
Line 243 ⟶ 244:
Feictear inniu go ndearna Acht Oideachais 1872, a rinne neamhshuim iomlán den Ghaeilge, agus a d'fhág nár ligeadh do na glúnta [[Gael|Gaeil]] focal Gaeilge a labhairt sa seomra ranga, dochar mór don teanga.
 
Osclóidh an chéad mheánscoil a fheidhmíonn go hiomlán trí mheán na Gaeilge i n[[Glaschú]] i 2005. ( roinnt bunscoileanna lán-Ghaeilge agus meánscoileanna a dhéanann roinnt teagaisc as Gaeilge sa tír cheana féin).
 
Tá corradh is 500 go 1,000 cainteoirí dúchais in [[Alba Nua]], ach tá a bhformhór aosta anois. I mí na Bealtaine 2004, d'fhógair an rialtas réigiúnda tionscnamh cistiúcháin le tacú leis an dteangan agus lena chultúr sa chúige.
Shínigh rialtas na Ríochta Aontaithe an [[Carta Eorpach um Theangacha Réigiúnda agus Mionlach]] i dtaobh Ghaeilge na hAlban.
 
Is eagras [[Iomairt Choilm Chille]] a dhéanann iarracht naisc a chothú idir Ghaeilgeoirí Éireann agus na hAlban.
 
Line 262 ⟶ 264:
== Ainmneacha pearsanta ==
Tá ainmneacha pearsanta Gaelacha ar leith ar nós Donnchadh, Dòmhnall. Tógadh ainmneacha ar iasacht ón Sean-Lochlannais, m.sh. Somhairle, Tormod. Tá foirmeacha ar leith d’ainmneacha ag a bhfuil ainmneacha gaolmhara i dteangacha eile na hEorpa, mar: Eòghan, Iain, Catrìona, Anna.
 
Tugann an fhoirm ghairmeach de ainmneacha Gaelacha áirithe foirmeacha Béarla ar nós:
:Seumas -> Sheumais -> Hamish;
:Màiri -> Mhàiri -> Vairi.
Is iad na sloinnte Gaelacha is coitianta in Albain ná iad siúd a thosaíonn le ''Mac'', ar nós ''Mac Gille Eathainn'' (MacLean). Tosaíonn an fhoirm bhaininscineach le ''Nic'', dá bhrí sin, is ceart , ''Catrìona Nic a' Phì'' a bheith ar ''Catriona MacPhi'' as Gaeilge.
:Tagann sloinnte eile as Albain as dathanna, mar shampla, : Bain (bàn/bán), Roy (ruadh/rua), Dow (dubh/dubh), Dunn (donn/donn).
 
== Focail iasachta ==
Line 274 ⟶ 277:
 
I measc na bhfocla a shíolraíonns ó Ghaeilge, tá ''whisky'', ''slogan'', ''brogue'', ''jilt'', ''clan'', ''strontium'', mar aon le rudaí suntasacha i dtíreolaíocht na hAlban, mar shampla ''ben'' (beinn), ''glen'' (gleann) agus ''loch''.
 
Foinse: ''An Etymological Dictionary of the Gaelic Language, Alexander MacBain''.