An difríocht idir athruithe ar: "Réabhlóid na Fraince"

m
no edit summary
m (Removing Link GA template (handled by wikidata) - The interwiki article is not good)
mNo edit summary
B'eachtra agus tréimhse an-tábhachtach í '''Réabhlóid na Fraince''' (nó '''Muirthéacht na Fraince''') ([[1789]]-[[1799]]) i [[stair na Fraince]] agus [[stair na hEorpa]] ó thaobh na [[polaitíocht]]a agus ó thaobh an tsochaí.
 
Thosaigh tréimhse na Réabhlóide[[Réabhlóid|réabhlóide]] sa bhliain [[1789]] le cruinniú Eastáit Choitianta ('' États généraux'') na Parlaiminte[[Parlaimint]]<nowiki/>e agus le forghabháil an Bastille agus chríochnaigh le '' coup d'État'' Napóilean sa bhliain 1799. Chuir an Réabhlóid deireadh leis an [[monarcacht]], leis an seanchliarlathas agus leis na pribhléidí. Sa '' Déclaration des droits de l'homme et du citoyen'' fógraíodh cothroime na saoránach de réir an [[dlí]], na bunsaoirsí agus flaitheas an [[Náisiún|Náisiúin]], pobal arbh fhéidir leis é féin a [[Rialtas|rialú]] trí theachtaí tofa. Thosaigh imreas fada buan idir lucht cosanta na Réabhlóide agus lucht cosanta an tseanreachta, gan trácht ar an naimhdeas idir frithchléirigh agus an [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach]].
 
[[Íomhá:Prise de la Bastille.jpg|thumb|260px|''Prise de la Bastille'' ([[Forghabháil an Bastille]]) le Jean-Pierre Houël.]]
 
== An Seanreacht ==
Dhá ord phribhléideacha a bhí ann, an chléir agus na huaisle, agus ord eile gan phribhléidí, an tríú heastát. Is iad an dream gan phribhléidí a d’íoc an mhórchuid de na cánacha. Laistigh den tríú heastát féin bhí mórdhifríochtaí idir cúigí nó bailte de réir na mbuntáistí a bhí acu. Bhí grúpaí borrúla sa tír – an mheánaicme thráchtála nó airgeadais, scológa teanna a bhí in ann oideachas a thabhairt dá gclann – agus b’áil leis an meánaicme na poist arda a bhaint amach.
 
Laistigh den tríú heastát féin bhí mórdhifríochtaí idir cúigí nó bailte de réir na mbuntáistí a bhí acu. Bhí grúpaí borrúla sa [[tír]] – an mheánaicme thráchtála nó airgeadais, scológa teanna a bhí in ann oideachas a thabhairt dá gclann – agus b’áil leis an meánaicme na poist arda a bhaint amach.
Le ceart diaga (''droit divin'') a bhí cumhacht ag an Rí sa bhliain [[1788]], cumhacht a thug [[Dia]] dó agus a raibh baint aici leis na pribhléidí a bronnadh ar dhaoine áirithe, ar bhailte móra áirithe, ar chúigí áirithe.
== Tionól Iomlán ==
Bhí an scéal chomh dona sin anois go ndeachaigh na móruaisle ar thóir dídine i dtíortha eile – an Bhreatain, [[an Ghearmáin]], na hÍsiltíortha – agus súil acu go bhfillfidís i gceann trí mhí. Idir an dá linn bhí mhuintir na tuaithe ag éirí amach, agus dá bhrí sin, ar 4 Lúnasa 1789, chealaigh an Tionól na cearta feodacha, díol na bpost agus míchothroime cánach. B’in deireadh leis an Seanreacht. Ar 26 Lúnasa vótáil an Tionól ar son Fhógra Chearta an Duine agus an tSaoránaigh ([[Déclaration des Droits de l’Homme agus du Citoyen]]). Agus iad faoi anáil Ré na hEagnaíochta, thug siad droim laimhe don mhonarcacht absolóideach agus do chóras na n-ord. D’fhág cuspóirí na meánaicme a rian ar an bhFógra: bannaí le saoirse an duine, urraim don mhaoin, roinnt na cumhachta leis an Rí, ceart ag cách ar phoist phoiblí.
 
Rinneadh Tionól Iomlán (''l‘Assemblée constituante'') den Tionól Náisiúnta ar 9 Iúil 1789; cruinniú meánaicmeach ba ea é, mórán, agus bhain sé feidhm as smaointe fhealsúna agus eacnamaithe an [[18ú haois]] chun athleasú mór a chur chun cinn. Bhí an chumhacht ríoga lag go leor; bhíodh an Rí idir dhá chomhairle, é ag iarraidh a neamhspleáchas a chosaint agus greim a fháil arís ar an gcumhacht ba dhual dó.