An difríocht idir athruithe ar: "Réabhlóid Mheicsiceo"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
Tugtar '''[[réabhlóid]] Mheicsiceo''' ar na cathanna a bhí á gcur ag faicsin éagsúla ar a chéile i [[Meicsiceo]] ón mbliain [[1910]] go lár na [[1920idí|bhfichidí]]. Ar dtús, d'éirigh [[Francesco Indalecio Madero González|Francesco Madero]] amach in aghaidh [[Porfirio Díaz]], a bhí ina [[Deachtóireacht|dheachtóir]] ar an [[tír]] ón mbliain 1876 i leith. D'éirigh le Madero deireadh a chur leis an "bPoirfiriacht" (''Porfiriato''), mar a thugadh na Meicsicigh ar chumhacht Porfirio Díaz, nó d'fhág Porfirio slán ag an tír sa bhliain 1911 le deireadh a shaoil a chaitheamh i b[[Páras]].

Níor tháinig deireadh leis an réabhlóid, áfach. A mhalairt ar fad d'iompaigh an réabhlóid ina [[cogadh]] cathartha idir a lán dreamanna polaitiúla cosúil leis na [[sóisialachas|sóisialaigh]], na hainrialaithe, na [[Liobrálachas|liobrálaigh]], na pobalóirí agus lucht cosanta na scológ.

Bhí na dreamanna in ann bunreacht nua a dhréachtú don [[tír]] sa bhliain 1917, ach níorbh é sin deireadh na réabhlóide go fóill. Glactar leis go coitianta gur chuir an bhliain 1920 clabhsúr ar an réabhlóid, ach bhí ceannaircí beaga [[Polaitíocht|polaitiúla]] in áiteanna ina dhiaidh sin féin, go háirithe cogadh na gCristeros sna blianta 1926-1929.
 
[[Íomhá:Francisco I Madero Pachuca.jpg|thumb|upright|Francisco Madero]]