An difríocht idir athruithe ar: "Vladimir Nabokov"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Úrscéalaí Rúiseach-Mheiriceánach ab ea '''Vladimir Vladimirovich Nabokov''', a rugadh ar an 22 Aibreán 1899 i g[[Cathair Pheadair]], [[an Rúis]], agus a cailledh i [[Montreux]], [[an Eilvéis]], ar an 2 Iúil 1977). Vladimir Sirin an t-ainm cleite a d'úsáideadh sé uaireanta. Is é ''[[Lolita]]'', an t-úrscéal conspóideach a scríobh sé as Béarla faoi scéal péidifileach grá, an saothar is mó a tharraing súil na ndaoine air, ach le fírinne chum sé a lán leabhar ceannródaíoch eile, ar nós ''Pale Fire''. Níor shocraigh sé síos i Meiriceá ach sa bhliain 1940.
 
Bhí Nabokov ina scríbhneoir tábhachtach ina theanga dhúchais féin sular aistrigh sé go dtí [[na Stáit Aontaithe]], ach nuair a d'aistrigh, chuaigh sé leis an mBéarla ar fad mar theanga scríbhneoireachta. Is mar scríbhneoir Béarla a bhain sé amach clú domhanda. Bhí [[Béarla]] agus [[Fraincis]] aige óna chéad óige, nó cosúil lena lán uaisle Rúiseacha san am tógadh go hilteangach é. San am chéanna is léir gur Béarla sheanfhaiseantaseanfhaiseanta ardliteartha a bhí aige riamh, agus is léir do léitheoirí a chuid saothar nár tógadh in aon tír Bhéarla é.
 
Bhí Nabokov ina fheithideolaí chomh maith, agus d'aithin is d'ainmnigh sé cúpla speiceas nua d'fheileacáin. Ní raibh sé go bunúsach ach ina thacsanomaí (is é sin, ina aicmitheoir speiceas nua), agus ní raibh tuiscint ródhomhain aige ar an mbitheolaíocht - a mhalairt ar fad níor chreid sé sna géinte ná i dteoiricí nua-aoiseacha na hoidhreachtúlachta.