An difríocht idir athruithe ar: "Isaac Asimov"

Content deleted Content added
síníu
mNo edit summary
Líne 11:
| síniú = Isaac Asimov signature.svg
}}
[[Scríbhneoir]] [[Ficsean eolaíochta|ficsin eolaíochta]] agus bithcheimiceoir ab ea é '''Isaac Asimov''' ([[2 Eanáir]] [[1920]] - [[6 Aibreán]] [[1992]]) a chuir cor i stair an [[Ficsean eolaíochta|fhicsin eolaíochta]] lena chuid scéalta faoi [[RóbatRóbaitic|róbait]], chomh maith leis an tríológ a scríobh sé faoin bh[[Fundúireacht (ficsean eolaíochta)|Fundúireacht]] thiar sna daichidí agus sna caogaidí[[1950idí]].
 
== Scéal a Bheatha ==
 
Saolaíodh Isaac Asimov i dtús Mhí na Nollag sa bhliain 1920 - is é an dara lá de Mhí na Nollag an dáta oifigiúil, ach níl sé cruinn - i bPetrovichi in aice le Smolensk san [[An tAontas Sóivéadach|Aontas Sóivéadach]] (inniu: [[An Rúis]]). Ba iad Anna Rachel Berman agus Judah Asimov a thuismitheoirí. Muilleoirí Giúdacha ab ea iad. Nuair a bhí sé trí bliana d'aois, chuaigh an teaghlach ar imirce go dtí na [[StáitAn Aontaithe MheiriceáGiúdachas|Stáit AontaitheGiúdach]].<nowiki/>a Marab sin, níor fhoghlaim Isaac óg Rúisis riamh, nó baea iad an [[Béarla]] agus an [[Giúdais|Ghiúdais]] an t-aon dá theanga a chuala sé sa bhaile i m[[Brooklyn]] i [[Nua-Eabhrac]]. D'fhoghlaim sé léamh agus scríobh as a stuaim féin nuair a bhí sé cúig bliana d'aois, agus bhí sé riamh ábalta Giúdais a labhairt chomh maith le Béarla. Bhí irisí ficsin eolaíochta ar díol i siopa a thuismitheoirí, agus chuir sé spéis iontu. Nuair a bhí sé aon bhliain déag d'aois, thosaigh sé ag scríobh scéalta dá chuid féin, agus i gceann sraith de bhlianta, bhí na hirisí lónléitheoireachta á gceannach uaidh agus á bhfoilsiú.
 
Nuair a bhí sé trí bliana d'aois, chuaigh an teaghlach ar imirce go dtí na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]]. Mar sin, níor fhoghlaim Isaac óg Rúisis riamh, nó ba iad an [[Béarla]] agus an [[Giúdais|Ghiúdais]] an t-aon dá theanga a chuala sé sa bhaile i m[[Brooklyn]] i [[Nua-Eabhrac]]. D'fhoghlaim sé léamh agus scríobh as a stuaim féin nuair a bhí sé cúig bliana d'aois, agus bhí sé riamh ábalta Giúdais a labhairt chomh maith le Béarla.
Bhain sé amach céim ollscoile in [[Ollscoil Columbia]] sa bhliain 1939. Naoi mbliana ina dhiaidh sin, rinne sé a dhochtúireacht ansin sa bhithcheimic. Idir an dá linn, chaith sé trí bliana ag obair do Stáisiún Aerthástála an Chabhlaigh in [[Philadelphia]]. Nuair a bhí an cogadh thart cheana féin, coinscríobhadh san Arm é, agus chaith sé naoi mí ansin sular scaoileadh chun siúil faoi onóracha é. Rinneadh ceannaire de, chomh maith agus a bhí sé ag clóscríbhneoireacht, ach sheachain sé an tástáil adamhach in atall Bikini sa bhliain 1946.
 
Bhí irisí ficsin eolaíochta ar díol i siopa a thuismitheoirí, agus chuir sé spéis iontu. Nuair a bhí sé aon bhliain déag d'aois, thosaigh sé ag scríobh scéalta dá chuid féin, agus i gceann sraith de bhlianta, bhí na hirisí lónléitheoireachta á gceannach uaidh agus á bhfoilsiú.
 
Bhain sé amach céim ollscoile[[ollscoil]]<nowiki/>e in [[Ollscoil Columbia]] sa bhliain 1939. Naoi mbliana ina dhiaidh sin, rinne sé a dhochtúireacht ansin sa bhithcheimic. Idir an dá linn, chaith sé trí bliana ag obair do Stáisiún Aerthástála an Chabhlaigh in [[Philadelphia]]. Nuair a bhí an cogadh thart cheana féin, coinscríobhadh san Arm é, agus chaith sé naoi mí ansin sular scaoileadh chun siúil faoi onóracha é. Rinneadh ceannaire de, chomh maith agus a bhí sé ag clóscríbhneoireacht, ach sheachain sé an tástáil adamhach in atall Bikini sa bhliain 1946.
 
[[Íomhá:Heinlein-decamp-and-asimov.jpg|thumb|left|280px|Asimov (ar dheis) le [[L. Sprague de Camp]] agus [[Robert Anson Heinlein]] (ar clé) i [[Pennsylvania]] 1944]]
Line 30 ⟶ 34:
Ón taobh eile de, ní raibh mórán lúith ina ghéaga, nó níor fhoghlaim sé riamh conas snámh nó rothaíocht a dhéanamh. Mar sin féin, nuair a d'aistrigh sé go Bostún, d'éirigh leis teacht isteach ar thiomaint an ghluaisteáin. Ina leabhar scéilíní magaidh ''Asimov Laughs Again'', thug sé "ainriail ar na rothaí" ar thrácht na sráideanna i mBostún.
 
Bhí suim ag Asimov ina lán rudaí éagsúla, nó nuair a bhí sé ag teannadh anonn san aois, ghlac sé ballraíocht in eagraíochtaí a bhí ag coinneáil cuimhne ar [[Gilbert agus Sullivan]] nó ar scéalta [[Nero Wolfe]] le [[Rex Stout]]. Bhí sé fosta ina bhall tábhachtach den chumann úd [[Baker Street Irregulars]], an cumann is tábhachtaí dóibh siúd a bhfuil suim acu in eachtraí [[Sherlock Holmes]]. Ón mbliain 1985 go lá a bháis, bhí sé ina Uachtarán ar an [[American Humanist Association]], agus b'é a chara [[Kurt Vonnegut]], scríbhneoir eile, a tháinig i gcomharbas air. Bhí sé mór le [[Gene Roddenberry]] freisin, an fear a chruthaigh an [[Star Trek|Réaltaistear]], agus luadh a ainm ar na teidil chreidiúna don scannán [[Star Trek: The Motion Picture]] a bhuí leis an gcomhairleoireacht a rinne sé le linn an léiriúcháin. Go bunúsach, bhí sé ag áitiú ar fhoireann an chomhlachta Paramount Pictures nach raibh Roddenberry ag síneadh srianta na heolaíochta ní b'fhaide amach thar a raibh dlisteanach san fhicsean eolaíochta.
 
Fuair Asimov bás ar an séú lá de Mhí Aibreáin sa bhliain 1992. D'fhág sé an dara bean chéile agus an chlann a rugadh dó sa chéad phósadh ina dhiaidh. Deich mbliana i ndiaidh a bháis, nocht an t-eagrán dá dhírbheathaisnéis a chóirigh Janet Asimov gurbh é an SEIF ba thrúig bháis dó. Tholg sé an galar ón aistriú fola a fuair sé nuair a bhí sé ag dul faoi scian dochtúra le máinliacht seach-chonaire corónaí a fháil. Bhí Asimov féin toilteanach a phoibliú go raibh an galar seo air, ach d'áitigh a chuid dochtúirí air gan an tsreang a bhaint den mhála, nó bhí siad buartha faoi na réamhbhreithiúnaisí coitianta i leith an ghalair a ghoillfeadh ar a chlann. Nuair a bhí sé tar éis bháis, bheartaigh a theaghlach an scéal a nochtadh don tsaol mhór, ach ansin, i bhfianaise an challáin a tharraing an réaltóg leadóige [[Arthur Ashe]] nuair a nocht seisean go raibh an [[SEIF]] air, chinn siad gan a dhath a rá faoi go raibh an galar céanna ar Asimov. Deich mbliana ina dhiaidh sin, nuair a bhí na dochtúirí a raibh Asimov ina othar acu básaithe iad féin, chinn Janet agus Robyn, an iníon, go raibh sé chomh maith acu an fhírinne a insint go hoscailte.
Line 40 ⟶ 44:
Sa leabhar deireanach dírbheathaisnéise a tháinig óna pheann, scríobh sé: "Mura mbeinn i m'aindiachaí, chreidfinn i nDia a shábhálfadh na daoine de réir iomlán a saoil, seachas an cineál cainte a chleachtann siad. Sílim gurbh fhearr Leis an t-aindiachaí macánta cneasta ná an seanmóirí teilifíse nach bhfuil ina bhéal ach Dia, Dia, Dia, agus nach bhfuil idir lámhaibh aige ach peaca, peaca, peaca." Sa leabhar céanna, tagraíonn sé d'Ifreann mar "aisling shaobh an t[[Sádachas|Sádaí]]" agus é greamaithe ar dhóigh amscaí de Dhia atá lán trócaire. Má bhí rialtais na stát daonna féin in ann srianta a chur le pionóis chruálacha nó neamhghnácha, ar seisean, cén fáth nach gcuirfí teorainn ama leis an bpionós sa saol eile? Dhiúltaigh Asimov don smaoineamh go dtarraingeodh aon chreideamh nó gníomh daonna pionós síoraí ar an duine. Má bhí an saol eile ann agus gach duine ag fáil an rud a bhí tuillte aige thall ansin, ar seisean, nach raibh an pionós ba mheasa, ba déine agus ab fhaide ag dul dóibh siúd a bhí i ndiaidh "Ifreann a cheapadh le Dia a chlúmhilleadh"? Mar is léir óna leabhair ''Treasury of Humor'' agus ''Asimov Laughs Again'', bhí sé thar a bheith ábalta scéilíní magaidh a insint faoi Dhia an Ghiúdachais is na Críostaíochta, faoin Diabhal, faoi Pharthas agus faoi ábhar reiligiúnda eile, nó bhí sé den bharúil gur minic a spreag scéilín maith magaidh ní ba mhó smaointí ná comhrá faidréiseach fadaraíonach fealsúnachta.
 
Bhí dearcadh forásach ag Asimov ar an gcuid ba mhó de cheisteanna polaitiúla a linne, agus é ag tacú go daingean leis an bPáirtí Daonlathach. Bhí sé ag cur in aghaidh [[Cogadh Vítneam|Chogadh Vítneam]] sna seascaidí, agus lá i dtús na seachtóidí, nuair a bhí sé faoi agallamh ar an teilifís, thacaigh sé le [[George McGovern]] go poiblí. Bhí sé míshásta le fás na míréasúntachta agus na pisreogachta i measc na bhforásach Meiriceánach ó dheireadh na seascaidí ar aghaidh. Sa leabhar dírbheathaisnéise ''In Joy Still Felt'', chuimhnigh sé ar an teagmháil a bhí aige le hAbbie Hoffman, fear mór an fhrithchultúir. B'é an tátal a bhain Asimov as Hoffman agus a leithéidí go raibh siad ag leanúint tonn mhór na mothúchán is na maoithneachta a d'fhág i "bhfásach spioradálta" iad, agus ní raibh sé cinnte, an bhfillfidís as an bhfásach sin choíche. An dóigh a raibh sé ag cosaint na stáisiún adamhach leictreachais fiú i ndiaidh na n-imeachtaí i Three Mile Island, Harrisburg, rinne sé dochar dá chaidreamh le cuid de na Liobrálaigh eile sna Stáit Aontaithe. I litir a cuireadh in athchló sa leabhar úd ''Yours, Isaac Asimov'', dúirt sé, siúd is gurbh fhearr leis "a shaol a chaitheamh gan dul in aon seans" ná a bheith ina chónaí in aice le himoibritheoir núicléach, go mbeadh sé ní b'fhonnmhaire é a chaitheamh in aice le himoibritheoir núicléach ná in aice le sluma, le [[Love Canal]] nó "le gléasra de chuid [[Union Carbide]] a bheadh ag táirgiú [[isicianáit mheitile]]" (tagairt ab ea é seo don olltubaiste i m[[Bhopal]] san India, a bhí díreach i mbéal an phobail). Is iomaí achainí a d'eisigh sé, leis, ag éileamh go gcuirfí srianta le ródhaonrú an domhain, agus é go mór mór faoi thionchar daoine ar nós [[Thomas Malthus]] agus [[Paul R. Ehrlich]] i leith na ceiste seo.
 
Bhí Asimov ag tacú le cúis na mban sular éirigh an feimíneachas faisiúnta fairsing mar ghluaiseacht. Bhí sé den tuairim go raibh ceist na mban fite fuaite le ceist an daonra. Thairis sin, chreid sé gur chóir an homaighnéasachas a cheadú, mar ghníomhaíocht ghnéis nach raibh ag cur leis an daonra (féach an leabhar ''Yours, Isaac Asimov'').
 
Ag druidim chun deiridh dá shaol, lochtaigh sé an dóigh a raibh an saol i gCathair Nua-Eabhraic, dar leis, ag dul chun donais de réir mar a bhí an mheánaicme ag éalú go dtí na bruachbhailte. An leabhar deireanach neamhfhicseanúil a tháinig óna pheann, mar atá, ''Our Angry Earth'' (1991), a scríobh sé i gcomhar lena sheanchara [[Frederik Pohl]], scríbhneoir eile ficsin eolaíochta, bhí sí ag plé cheisteanna na géarchéime éiceolaíche, ar nós [[téamh an domhain]] agus [[ciseal an ózóin]].
 
{{DEFAULTSORT:Asimov, Isaac}}