An difríocht idir athruithe ar: "Próiméitiam"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 9:
|Íomhá=Pm-TableImage.png
}}
Ceann de na lantanóidigh is ea an '''próiméitiam''' ('''Pm''' an [[Siombail cheimiceach|tsiombail cheimiceach]]) agus é ar an t-aonú dúil is trí scór sa [[tábla peiriadach]]. Dúil [[Radaighníomhaíocht|radaighníomhach]] atá ann, cé go bhfuil sé i bhfad níos éadroime ná na [[Miotal|miotail]] thrasúránacha - níl oiread is aon [[iseatóp]] amháin aige nach mbeadh radaighníomhach. Is é <sup>145</sup>Pm an t-iseatóp is cobhsaí atá aige, ach níl sé féin fadsaolach - tá sé beagnach ocht mbliana déag ar leathré.
 
Bíonn iarsmaí beaga próiméitiam le fáil sa dúlra, de thoradh eamhnú spontáineach an [[úráiniam]]. I lár na seascaidí mhaígh an tOllamh Fionlannach Olavi Erämetsä gur tháinig sé ar phróiméitiam in eiseamal apaitíte ó Leithinis Kola in iarthuaisceart na Rúise.
 
Is é +III an [[uimhir]] ocsaídiúcháin is coitianta ag an bpróiméitiam ina chuid comhdhúl, agus mar sin, is féidir a rá gur lantanóideach tipiciúil é. Miotal lonrach é go bunúsach, ach nuair a thiocfaidh sé i dteagmháil leis an aer, gheobhaidh sé brat ocsaíde de réir a chéile - is í an trí-ocsaíd dé-phróiméitiam atá ann, nó Pm<sub>2</sub>O<sub>3</sub>. Nuair a théifear próiméitiam suas go 150&nbsp;°C, rachaidh sé trí thine, ionas go bhfaighfear an ocsaíd chéanna.

Tá an próiméitiam sách [[Leictridinimic|leictridheimhneach]] - is é sin, tá sé de chlaonadh ann na [[Fiús (leictreach)|fiúsleictreoin]] a thabhairt ar iasacht do dhúile níos leictridhiúltaí agus lucht deimhneach [[Leictreachas|leictreachais]] a ghlacadh chuige sna [[comhdhúil]]e. Mar sin, nuair a thiocfaidh sé i dteagmháil leis an uisce, imoibreoidh sé leis, ionas go gcruthófar hiodrocsaíd, Pm(OH)<sub>3</sub>. Imoibreoidh sé leis na halaiginí freisin, agus is í an [[uimhir]] ocsaídiúcháin is dual dó sna comhdhúile seo go léir ná +III: an trífhluairíd PmF<sub>3</sub>, an tríchlóiríd PmCl<sub>3</sub>, an tríbhróimíd PmBr<sub>3</sub>, an trí-iaidíd PmI<sub>3</sub>.
 
{{commonscat|Promethium|Próiméitiam}}