An difríocht idir athruithe ar: "Súfaíochas"
Content deleted Content added
No edit summary |
Sufaisteachas vs an Súfaíochas ! => cumasc |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Mevlana Konya.jpg|mion|Deirbhísigh ag déanamh fiodrince os comhair thuama Mawlānā Rumi, máistir Súfaíoch, in Konya, sa [[An Tuirc|Tuirc]]]]
Is éard atá i gceist leis an '''Súfaíochas''' nó '''Taṣawwuf''' ([[Araibis]]: التصوف), ná gné mhistiúil den [[Ioslam]], nó gluaiseacht mhisteach
Tugtar 'sufaí ([[Araibis]]:صوفي, ''ṣūfī'') de ghnáth ar [[Duine|dhuine]] a chleachtann an traidisiún seo. Ainm eile a thugtar ar 'sufaí' ná 'dairbhíseach' ([[Peirsis]]: درویش, ''Darvīsh'').
== Smaointeachas ==
Deir na Súfaithe go bhfuil siad meáite ar an [[anam]] a imghlanadh agus na constaicí idir an anam agus [[Dia]] a bhriseadh.
Shainmhínigh scoláirí Clasaiceacha Sufaisteacha an traidisiún mar "eolaíocht a bhfuil sé mar aidhm aici an [[croí]] a dheisiú agus é a chasadh ar shiúl ó gach rud eile ach Dia."
Ina mhalairt air sin, i bhfocail Ahmad ibn Ajiba, múinteoir na Sufaisteach Darqawi, "eolaíocht is ea í inar féidir le duine fios a bhaint amach conas dul ar thaisteal i láthair an Dhiagaire, conas an duine inmheánach féin a íonghlanadh ó bhrocamas, agus é a mhaisiú le tréithe éagsúla inmholta".
== Litríocht ==
Thosaigh an [[litríocht]] Shúfaíoch ag éirí fairsing timpeall na bliana 1000. I Ré Órga an Ioslaim bhí an-ráchairt ar an smaointeoireacht Shúfaíoch, agus ba bheag file Ioslamach nár imir an Súfaíochas tionchar éigin air.
== An Súfaíochas inniu ==
Inniu is féidir teacht ar lucht leanúna na gluaiseachta ar fud [[An Domhan|an domhain]].
|