An difríocht idir athruithe ar: "Beatha"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Ruwenpflanzen.jpg|deas|250px|thumb|[[Planda|Plandaí]] ina mbeatha]]
Staid ina mbaineann orgánaigh feidhm as ábhair ón [[timpeallacht]] trína bpróisis meitibileachta, chun fás, a gcórais feidhmiúcháin a choinneáil, a struchtúir a dheisiú, agus iad féin a [[atáirgeadh]]. Tá gach foirm bheatha ar [[An Domhan|Domhan]] bunaithe ar [[aigéid núicléasacha]], [[Aigéad dí-ocsairibeanúicléasach|DNA]] (aigéad dí-oscairibeanúicléasach) nó RNA ([[aigéad ribeanúicléasach]]), a iompraíonn an t-eolas géiniteach dúchasach. Tuigtear gur thosaigh an bheatha ar Domhan timpeall 3,500-3,800 milliún bliain ó shin i bhfoirm [[baictéar]] simplí faoi chúinsí ina raibh comhábhair bhunúsacha ábhair orgánaigh ([[meatán]], [[amóinia]], [[hidrigin]] is [[galuisce]]) i láthair san [[Atmaisféar an Domhain|atmaisféar]] bunaidh. De réir a chéile tharla [[éabhlóid]] cheimiceach do na ceimiceáin seo le [[fuinneamh]] ó [[Solas|sholas]] [[An Ghrian|na Gréine]] is stoirmeacha leictreacha, agus chuingrigh siad i móilíní níos casta gur tháinig aigéid núicléasacha fhéinatáirgthe chun cinn.
==Tagairtí==
{{reflist}}
 
{{Fréamh an Eolais}}
[[Catagóir:Saol]]