An difríocht idir athruithe ar: "Antaibheathach"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata) - The interwiki article is not good
Líne 3:
Chum [[Selman Waksman]] an téarma "antaibheathach" sa bhliain [[1942]] le cur síos a dhéanamh ar aon ábhar a chruthaíonn miocrorgánach a chuireann i gcoinne fhás aon mhicrea-orgánaigh eile nuair a bhíonn caolúchán ard de ann. Níor chuir an sainmhíniú bunaidh substaintí arbh ann dóibh go nádúrtha is a mharaigh baictéir ach nár tháirg miocorgánaigh iad san áireamh([[súlach gastrach]] agus [[sárocsaíd hidrigine]] mar shamplaí) agus níor chuir sé cumaisc shintéiseacha fhrithbhaictéaracha san áireamh ach oiread, leithéidí na [[sulfónaimídí]]. Is iomaí antaibheathach ar mhóilíní beaga iad a bhfuil meáchan móilíneach níos lú ná 2000 [[aonad maise admhaí]] acu. Agus [[Ceimic an Leighis]] ag feabhsú i gcónaí, tá an chuid is mó de na hantaibheathaigh anois ina cumaisc ar rinneadh modhnú ceimiceach leath-shintéiseach orthu, le hiad a athrú ó na bunábhair ar féidir teacht orthu go nádúrtha, is amhlaidh an cás leis na [[béite-lactaim]](áirítear na penicilliní, a tháirgeann [[fungais]] de chuid na fine [[Penicillium]], na [[ceifileaspóiriní]] agus na [[carbaipeineimí]] sa ghrúpa seo). Déantar roinnt antaibheathach a tháirgeadh is a aonrú ó orgánaigh bheo, ar nós na n-[[aimínighliocóisídí]], agus cruthaíodh roinnt eile fós trí bhealaí iomlán sintéiseacha: na sulfónaimídí, na [[cuinealóin]], agus na [[ocsasolaideanóin]]. Anuas ar rangú seo a dhéanann antaibheathaigh a roinnt idir cinn nádúrtha, cinn leathshintéiseacha is cinn atá go hiomlán sintéiseach, déantar iad a roinnt in dhá ghrúpa leathan ó thaobh na héifeachta a bhíonn acu ar mhicrea-orgánaigh; Iad siúd a mharíonn baictéir is oibreáin bhaictéiricídeacha iad, ach na cinn nach ndéanann ach fás na mbaictéar a chosc tugtar oibreáin bhaictéarastatacha orthu.
 
== Stair na n-AntaibheathachnAntaibheathach ==
Bhí an chuid is mó de chóireálacha leighis roimh thús an fhichiú chéid bunaithe ar an leigheas béaloideasúil. Bhí cóireálacha d'ionfhabhtaithe a raibh airí frithmhíocróbacha acu i mórán de phobail ársa an domhain, cinn ar rinneadh cur síos orthu breis is 2000 bliain ó shin. Bhain roinnt mhaith de na pobail seo, na h[[Éigiptigh ársa]] agus na [[Gréigigh ársa]], úsáid as [[caonaigh]] agus plandaí le cúram a thabhairt d'ionfabhtaithe. Tháinig fionnachtain na n-antaibheathach nádúrtha a tháirgeann miocrorgánaigh chun cinn tar éis obair a rinneadh roimhe sin ar antabóis idir miocrorgánaigh. D'aithin [[Louis Pasteur]] an tábhacht a bhain leis seo is dúirt "dá bhféadfaimis idirghabháil a dhéanamh san fhreasaitheacht a fheictear idir roinnt baictéar, go mbeadh sin mar an dóchas is mó ó thaobh na teiripice de"