An difríocht idir athruithe ar: "Cath Chluain Tarbh"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 26:
 
==== 1012 ====
Sa bhliain 1012, d'éirigh Rí [[Laighean]] [[Máel Mórda mac Murchada]] amach. Níor bhain Brian Bóirmhe feidhm as an lámh láidir ar an toirt, ach shocraigh sé póstaí tábhachta ina áit. Thug sé a iníon mar bhean do Sitric II, rí na Lochlannach i m[[Baile Átha Cliath]], agus [[Pósadh|phós]] Brian féin Gormlaith, máthair Sitric agus deirfiúr Mháel Mórda). Níor mhair an socrú seo ró-fhad, áfach.
 
==== 1013 ====
Níor mhair an socrú seo ró-fhad, áfach. Bhí Máel Mórda agus Sitric réidh chun troda arís sa bhliain 1013, agus Máel Mórda faoi bhrú ag a bhean Gormlaith dul i ngleic le Brian. Bhí slua maith de clanna na tíre a bhí éadmhar as cumhacht Bhrian, agus d'aontaigh iad go léir le chéile.
 
Mar fhreagra, chuir Brian Gormlaith faoi ghlas. Bhí airm aige lonnaithe i g[[Contae Bhaile Átha Cliath]], ó Meán Fómhair 2013 go dtí Nollaig<ref>Duffy, Seán (2013). Brian Boru and the Battle of Clontarf. Dublin: Gill & Macmillan. pp. 123–4. ISBN 9780717157785</ref>. Ag an am seo, rinne Brian ionsaithe ar fud Bhaile Átha Cliath chun Gaeil na cathrach a choimeád as arm na Lochlannach. Ag an am céanna, sheol Gormlaith teachtaireacht chuig Sigurd Hlodvisson, iarla Lochlannach na nInse Orc.