An difríocht idir athruithe ar: "An Mheánaois"

Content deleted Content added
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Cleric-Knight-Workman.jpg|deas|250px|thumb|An Mheánaois]]
Is éard atá i gceist leis an '''Meánaois''' nó, mar a deirtear go minic faoi thionchar an Bhéarla, na '''Meánaoiseanna''' ná an tréimhse idir an tSeanaois Chlasaiceach (is é sin, ré na [[An tSean-Róimh|Sean-Róimhe]] agus na [[An tSean-Ghréig|Sean-Ghréige]]) agus an Nua-aois (an ''[[An Renaissance|Renaissance]]'' agus ar tháinig ina dhiaidh).<ref>De bharr thionchar an Bhéarla, tugtar '''Meánaoiseanna''' ar an dtréimhse seo go minic i nGaeilge an lae inniu.</ref> Thosaigh an Mheánaois faoi lár na chéad mhílaoise i [[Anno Domini|ndiaidh bhreith Chríost]] (~500 AD) agus tháinig deireadh léi míle bliain níos déanaí (~1500 AD), i ré an ''Renaissance'' agus an [[Reifirméisean|Reifirméisin]]. I dtús na Meánaoise, chaill [[Impireacht na Róimhe]] a seantábhacht, agus scoilteadh ina dhá leath í. Ba iad na stáitíní beaga feodacha a tháinig chun tosaigh ansin, agus [[an Eoraip]] go léir lán pobail bheaga agus treibheacha - [[Teangacha Gearmáinice|Teotanaigh]], [[Teangacha Rómánsacha|Rómánsaigh]], [[Teangacha Ceilteacha|Ceiltigh]], agus [[Teangacha Slavacha|Slavaigh]]. Bhí sochaí na Meánaoise dealaithe ina haicmí a raibh teorainneacha soiléire eatarthu, agus b'í an [[Eaglais Chaitliceach Rómhánach|Eaglais Chríostaí]] croílár an chultúir, an léinn agus na [[litríocht]]a. In Iarthar na hEorpa, bhí an [[An Laidin|Laidin]] á saothrú mar chomhtheanga chultúrtha. Maidir leis an eacnamaíocht, bhí sí bunaithe ar an seirfeachas agus ar an bhfeodachas.
 
{{commons|Category:Middle Ages|Meánaois}}
Líne 6:
{{síol}}
 
== Tagairtí ==
[[Catagóir:Na Meánaoiseanna| ]]