An difríocht idir athruithe ar: "Éirí Amach na Cásca"
Content deleted Content added
mNo edit summary |
mNo edit summary |
||
Líne 23:
|nótaí=<center>(Sibhialtaigh- Básanna: 220. Gortaithe: 600)</center>
|}}
[[Réabhlóid|Ceannairc]] i gcoinne fhorlámhas [[an Ríocht Aontaithe|na Breataine]] ar [[Éire|Éirinn]] ab ea '''Éirí Amach na Cásca''' (nó '''Aiséirí na Cásca''') ar [[Luan Cásca]], [[24 Aibreán]] [[1916]]. Ghlac [[Óglaigh na hÉireann|na hÓglaigh]] agus [[Arm Cathartha na hÉireann|an tArm Cathartha]] seilbh ar fhoirgnimh thábhachtacha i lár [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]], agus [[Ardoifig an Phoist]] i [[Sráid Uí Chonaill]] mar cheanncheathrú acu. Ós rud é gur fhoilsigh ceannaire na nÓglach, [[Eoin Mac Néill]], fógráin ar na
Léigh ceannaire an Éirí Amach, [[Pádraig Mac Piarais]], amach [[Forógra na Poblachta]] ar an tsráid lasmuigh d'Ardoifig an Phoist, agus é ag gairm [[Poblacht na hÉireann|Poblacht]] neamhspleách den tír. Cuireadh na mílte saighdiúirí Briotanacha isteach sa chathair agus le cabhair ó ghunnaí móra na loinge cogaidh, HMS Helga, ar an [[Life]], cuireadh an tÉirí Amach faoi chois laistigh de sheachtain amháin. Mar sin féin, chuaigh an tÉirí Amach go mór mór i bhfeidhm ar mhuintir na tíre, agus ba mhór an inspioráid é do lucht leanúna an náisiúnachais ar fud na hÉireann. B'é an iarracht ba threise é ó [[Éirí Amach 1798 in Éirinn|Bhliain na bhFrancach]] chun na Sasanaigh a dhíbirt as Éirinn.
Líne 29:
Ní raibh tacaíocht an phobail ag na hÓglaigh ar dtús. Nuair a bhí na saighdiúirí dearga ag seoladh na nÓglach go dtí an príosún, chonacthas cosmhuintir Bhaile Átha Cliath ag caitheamh anuas orthu agus á milleánú faoin léirscrios a rinneadh ar an gcathair le linn na gcathanna sráide.
Lámhachadh an chuid is mó de na ceannairí faoi dheifir i mí na [[Bealtaine]] sa bhliain 1916, agus d'athraigh barúil an phobail i leith an Éirí Amach. Cuireadh na céadta i mbraighdeanas i bh[[Frongoch]] sa [[An Bhreatain Bheag|Bhreatain Bheag]], agus chuaigh siad go tapa chun radacachais ansin faoi thionchar na n-imeachtaí agus an chineál cuideachta a bhí acu ansin. Nuair a tháinig siad abhaile, eagraíodh feachtas polaitiúil a spreag an pobal chun tacaíochta leis an náisiúnachas, agus bhain [[Sinn Féin]], an páirtí ba bháúla leis na hÓglaigh, an tromlach amach in olltoghchán na bliana [[1918]]. Ansin, in áit a gcuid suíochán a ghlacadh i
== An tÉirí Amach ar na Bacáin ==
Cé gur baill d'[[Óglaigh na hÉireann]] a bhí ag troid, b'é [[Bráithreachas na Poblachta]] ([[IRB]]) a phleanáil an t-éirí amach. Nuair a phléasc an [[Chéad Chogadh Domhanda]] amach, tháinig ceannairí an Bhráithreachais le chéile, agus iad ag pleanáil an dóigh a mbainfidís leas as cruachás na Breataine Móire ar mhaithe le h[[Éire|Éirinn]]. Ar an séala seo, cheap reachtaire an Bhráithreachais, [[Tomás Ó Cléirigh]], Coiste Míleata ar leith leis an gceannairc a ullmhú. B'iad [[Pádraig Mac Piarais]], [[Éamonn Ceannt]], agus [[Seosamh Pluincéad]] a chuaigh ar an gCoiste ar dtús, agus ina dhiaidh sin, chuaigh an Cléireach féin agus [[Seán Mac Diarmada]] leo. Baill den Bhráithreachas ab ea iad ar fad, agus amach ón gCléireach, [[Óglaigh na hÉireann|Óglaigh]] a bhí iontu fosta. Ón lá a bunaíodh na hÓglaigh mar eagraíocht sa bhliain [[1913]], bhí an Bráithreachas á sealbhú de réir a chéile, agus iad ag cuidiú le chéile le céimíochtaí oifigigh a bhaint amach. Mar sin, nuair a tháinig bliain an Éirí Amach, bhí an chuid ba mhó d'oifigigh na nÓglach ag tacú le [[Poblachtánachas in Éirinn|Poblachtánachas]] na láimhe
De thaisme, bhí [[Séamus Ó Conghaile]], an ceannaire [[Sóisialach]], ag bagairt éirí amach dá chuid féin faoin am seo. Bhí sé i gceannas ar an Arm Cathartha, dream armtha na gceardchumannaithe agus na Sóisialaithe, nach raibh ach dhá chéad duine ann. Ní neart go cur le chéile, a shíl an Bráithreachas - b'fhearr an dá iarracht seo a chomhordú, nó dá rachadh an tArm Cathartha chun ceannairce ina aonar, ní dhéanfadh sé ach iarracht na nÓglach féin a chur ó mhaith, agus na díormaí Sasanacha a tharraingeodh sé go dtí an chathair. Mar sin, shocraigh ceannairí an Bhráithreachais agus an Conghaileach le chéile go raibh siad le comhoibriú, agus go raibh an t-éirí amach le tosú ar an gCáisc.
I dtús Mhí Aibreáin, d'eisigh an Piarsach orduithe faoi "pharáidí" agus faoi "inlíochtaí" ar fud trí lá ó Dhomhnach na Cásca ar aghaidh. Ó bhí sé ina Stiúrthóir ar eagraíocht na nÓglach, bhí údarás aige a leithéid d'orduithe a thabhairt. Is é an smaoineamh a bhí aige ná go n-aithneodh na Poblachtánaigh
== An tÉirí Amach ==
Líne 45:
Bhí ceithre chathlán sa rannán a bhí ag na hÓglaigh i mBaile Átha Cliath, agus gach cathlán acu faoi cheannas ceannfoirt a bhí dílis do Bhráithreachas na Poblachta. Cuireadh cathlán breise i dtoll le chéile as fir a fuarthas ar iasacht ó na cinn eile. B'é seo an cathlán a cuireadh i gceann [[Ardoifig an Phoist]], agus na ceannairí uile ag dul leis: [[Pádraic Mac Piarais]], a bhí ina Uachtarán agus ina Phríomh-Cheannfort; [[Séamus Ó Conghaile]]; [[Tomás Ó Cléirigh]]; [[Seán Mac Diarmada]]; [[Seosamh Pluincéad]]; agus captaen óg darbh ainm [[Mícheál Ó Coileáin]]. Idir an dá linn, ghabh an Chéad Chathlán foirgneamh na gCeithre gCúirteanna agus iarthuaisceart na cathrach faoi chomandracht [[Éamonn Ó Dálaigh|Éamoinn Uí Dhálaigh]]. Chuaigh [[Tomás Mac Donncha]] agus an Dara Cathlán ag sealbhú monarcha brioscaí Jacob ó dheas ó lár na cathrach. Bhí [[Éamon de Valera]] i gceannas ar an Tríú Cathlán a ghabh Muileann Uí Bheolain. Bhí [[Éamonn Ceannt]] i gceannas ar an gCeathrú Cathlán, agus fuair siad seilbh ar Aonacht Átha Cliath Theas, teach oibre in iardheisceart na cathrach. B'é an tArm Cathartha a ghabh [[Faiche Stiabhna]] agus Halla na Cathrach. Ó chuir an gabháltas seo an dlí agus an tsíocháin ar ceal, chuaigh na bochtáin ag creachadh na siopaí. D'ordaigh oifigeach amháin dá chuid Óglach urchair a scaoileadh leis na foghlaithe seo, ach ní raibh an Conghaileach, mar Shóisialaí, sásta leis seo, agus thug sé frithordú do na fir.
Ós rud é go raibh sé éirithe le Mac Mhic Néill an t-éirí amach a stopadh taobh amuigh den phríomhchathair, fágadh ardcheannasaíocht na reibiliúnach i bpáirc an áir faoin gConghaileach, a raibh sé de chlú air go raibh ciall mhaith aige don oirbheartaíocht. Goineadh go héag é, ach ina dhiaidh sin féin bhí sé in ann an cath a stiúradh is a dhíriú, agus a chuid fear á bhogadh ó áit go háit ina luí sa leaba dó. Mar ba dual don tSóisialaí, shíl sé nach mbeadh rialtas caipitlíoch Shasana fonnmhar maoin saolta dá gcuid féin a léirscrios le gunnaí móra airtléire, ach
Tugadh tuilleadh fórsaí isteach ó Shasana, agus an Ginearál Maxwell i gceannas orthu. Bhí thart ar shé mhíle déag de shaighdiúirí dearga agus míle duine de [[Constáblacht Ríoga na hÉireann|shaighdiúirí dubha]] ann, le dul chun catha ar mhíle Óglach agus dhá chéad is caoga saighdiúir de chuid an Airm Chathartha. Is léir nach raibh na hÉireannaigh in ann an fód a sheasamh in aghaidh na sluaite síoraí seo.
[[Íomhá:Sackville Street (Dublin) after the 1916 Easter Rising.JPG|left|thumb|280px|Sráid Sackville, mar a thugtaí ar Shráid Uí Chonaill tar éis an Éirí Amach]]
Ní raibh mórán cogaíochta ar siúl timpeall na ceanncheathrún. Cuireadh na cathanna ba troime thart ar an gCanáil Mhór. Bhí cuid mhaith reibiliúnaigh seadaithe in áiteanna ansin agus iad ag iarraidh a gcuid suíomh a chosaint. San am céanna, bhí na Sasanaigh ag féachaint leis an gcanáil a ghabháil, ó bhí sí ag teastáil uathu le fórsaí fortachta a thabhairt isteach ó [[Dún Laoghaire|Dhún Laoghaire]]. Rinne na ''Sherwood Foresters'', reisimint de chuid [[Arm na Breataine]], iarracht an Chanáil a thrasnú ag [[Sráid an Mhóta]], ach fuair siad iad féin á lámhach ón dá thaobh níos mó ná uair amháin. Ní raibh ach dháréag Óglach ag seasamh an fhóid anseo, ach bhí siad in ann ascnamh na nGall a stopadh ar feadh i bhfad agus dhá chéad is dhá scór Sasanach a mharú nó a ghoin sa teagmháil. Maidir leis na hÓglaigh ag teach na hoibre (Aonacht Átha Cliath Theas), d'éirigh leo an-dochar a dhéanamh do na díormaí Sasanacha a bhí ag iarraidh a mbealach a dhéanamh go dtí an Caisleán. Goineadh [[Cathal Brugha]] go tromchúiseach i bpáirc seo an áir. De réir a chéile, áfach, b'éigean do na reibiliúnaigh an suíomh seo a thréigean, nó bhí an lón cogaidh ag rith gann, agus ní raibh maolú ar bith ag teacht ar an gcith
Is beag a tharla in Ardoifig an Phoist le linn an éirí amach. Ar dtús, léigh an Piarsach [[Forógra na Poblachta]] os ard do na daoine ó staighrí oifig an phoist, agus ansin, dhaingnigh seisean agus a chuid fear iad féin san fhoirgneamh. Ó nach raibh siad in ann an chith sliogán a fhreagairt ar aon dóigh éifeachtúil, thréig siad Ardoifig an Phoist agus bhunaigh siad ceanncheathrú nua i [[Sráid Moore]]. Ar an naoú lá fichead de Mhí Aibreáin, arbh é an chéad Satharn i ndiaidh na Cásca é, thug an Piarsach ordú do na hÓglaigh éirí as an gcogaíocht agus iad féin a ghéilleadh do na Gaill.
Líne 73:
== Olltoghchán na Bliana 1918 ==
Bhain Sinn Féin amach formhór mór na suíochán in Olltoghcháin na bliana [[1918]], i Mí na Nollag. Ansin, tháinig an chuid ba mhó d'Fheisirí Shinn Féin le chéile i mBaile Átha Cliath, agus d'fhógair siad Éire ina Poblacht arís, ar an t-aonú lá fichead den bhliain [[1919]]. In alt na huaire seo
== Oidhreacht an Éirí Amach ==
Líne 87:
== An Sóisialachas agus an tÉirí Amach ==
Uaireanta, deirtear gurbh é Éirí Amach na Cásca an chéad réabhlóid Shóisialach s[[an Eoraip]]. Is deacair breithiúnas ceart a thabhairt ar an ráiteas seo. B'é an Conghaileach an t-aon duine amháin de na ceannairí a raibh dlúthbhaint aige le gluaiseacht idirnáisiúnta na Sóisialach. Cé gur thug an chuid eile acu le fios go raibh siad meáite ar stát Sóisialach a dhéanamh den Phoblacht, is é an chuma atá ar an scéal nach raibh ann ach cleas le tacaíocht an Chonghailigh a fháil don Éirí Amach. Réabhlóid i gcúrsaí an chultúir agus na polaitíochta a bhí ag teastáil uathu thar aon chineál réabhlóid eile. Bhí an Piarsach suite siúráilte, mar shampla, nach n-éireodh leis an Éirí Amach cibé, agus mar sin, bhí an chaint saor aige. Bheadh sé chomh maith aige réabhlóid Shóisialach a ghealladh, nó ní chaithfeadh sé beart a chur le briathar. B'fhollasach nach raibh mórán muiníne ag an gConghaileach as a chuid comhchogaithe a fhad is a bhí a dtiomantas siúd don tSóisialachas i gceist. Bhí sé ullamh cogadh na n-aicmí a chur orthu a thúisce is a thiocfadh an Phoblacht ar an bhfód. Thairis sin, ní féidir a rá ar aon nós gur Sóisialach a bhí in Éamon de Valera, arbh é an duine ba mhó le rá agus ba mhó tionchair is cumhachta i saol na hÉireann acu siúd a tháinig slán as an Éirí Amach. Mar sin féin, nuair a tháinig
== Fir a cuireadh chun báis iad i ndiaidh an Éirí Amach ==
|