An difríocht idir athruithe ar: "Tomás de Bhaldraithe"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 13:
| céile =Vivienne Ní Thoirdhealbhaigh
| síniú =Tomás_de_Bhalraithe.png ‎
}}
}}Scoláire aithnidiúil [[An Ghaeilge|Gaeilge]] ba ea '''Tomás de Bhaldraithe'''. Rugadh i [[Luimneach]] é, ach d'aistrigh a [[Teaghlach|mhuintir]] go [[Baile Átha Cliath]] nuair a bhí sé cúig bliana déag. Is é an t-ainm a baisteadh air ó thús ná ''Thomas McDonagh Waldron'', i ndilchuimhne ar [[Tomás Mac Donnchadha|Thomás Mac Donncha]] a básaíodh[[bás]]<nowiki/>aíodh i ndiaidh dó [[Forógra na Cásca]] a shíniú, ach is faoin leagan Gaeilge dá ainm is fearr a aithnítear é.
 
Is é an [[foclóir]] Béarla-Gaeilge is mó a thuill clú dó, agus é ar ceann de na clocha míle is mó i bpleanáil, i bhforbairt agus i gcaighdeánúg[[An Caighdeán Oifigiúil|caighdeán]]ú na Gaeilge. Bhí an-tionchar ag an bhfoclóir seo ar an gcineál Gaeilge a chleachtann foghlaimeoirí na [[Teanga (cumarsáid)|teanga]]. Fuair sé tacaíocht ó [[Eamon de Valera]] dá pholasaí i leith an cheartlitrithe, agus mar sin, d'éirigh leis buille mór a bhualadh in aghaidh an [[Litriú na Gaeilge|tseanlitrithe]].
 
Sa bhliain [[1960]], rinneadh Ollamh le Nua-Ghaeilge de i gColáisteg[[An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath|Coláiste Ollscoile Bhaile Átha]] Cliath, agus chuir sé i dtoll le chéile [[cartlann]] mhór ábhair i gcanúintíg[[canúint]]í na Gaeilge. Baineadh an-úsáid as an ábhar seo nuair a cuireadh an Foclóir Gaeilge-Béarla in eagar. Is le [[Niall Ó Dónaill]] a luaitear an foclóir sin, ach bhí an-lámh ag de Bhaldraithe san obair sin, mar eagarthóir comhairleach.
 
Bhunaigh de Bhaldraithe an chéad teanglann ollscoile in Éirinn, agus ní raibh a leithéid le fáil sa Bhreatain Mhór ach an oiread san am.