An difríocht idir athruithe ar: "Óglaigh Uladh"
Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
mNo edit summary |
||
Líne 1:
[[Íomhá:Flag of the Ulster Volunteer Force.svg|mion|Ulster Volunteer Force]]
Eagraíocht mhíleata a bunaíodh sa bhliain [[1912]] chun cur i gcoinne an [[Rialtas Dúchais|Rialtais Dúchais]] d'[[Éire|Éirinn]] is ea '''Óglaigh Uladh''' ('''UVF''', nó as Béarla, na ''Ulster Volunteers'', agus ina dhiaidh sin an t-''Ulster Volunteer Force'', nó "Fórsa Óglaigh Uladh"). Bhunaigh an dlíodóir [[Edward Carson]], [[James Craig]], agus ceannairí aontachtaithe agus dílseacha i g[[Cúige Uladh]] Óglaigh Uladh an chéad uair agus bhagair siad éirí amach fuilteach dá mbunófaí parlaimint i m[[Baile Átha Cliath]]. ''Home Rule is Rome Rule'' ("is é Rialtas na Róimhe an Rialtas Dúchais") agus ''Ulster will fight and Ulster will be right'' ("cuirfidh Ulaidh troid agus beidh an lá ag Ultaibh") na manaí a bhí acu. Shínigh breis is dhá chéad míle duine [[Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh|Cúnant Uladh]] lena dtacaíocht a léiriú d'Óglaigh Uladh, agus tháinig an eagraíocht ar an bhfód agus eagar míleata uirthi. Ceannaíodh na mílte gunnaí agus armlón as [[Hamburg]] sa [[an Ghearmáin|Ghearmáin]] agus tugadh isteach go [[Latharna]] iad. Dhiúltaigh oifigigh de chuid [[Arm na Breataine]] in Éirinn gníomhú in éadan na bparaimíleatach seo, agus mar sin, cuireadh bun le [[Óglaigh na hÉireann]] ([[IRA]] an lae inniu) faoi cheannas cheannaire an Pháirtí Náisiúnta, [[John Redmond]], mar fhreagra ar Óglaigh Uladh agus an dóigh a raibh siad ag bagairt an fhéinriail a chur ar ceal. Nuair a ceadaíodh an fhéinriail faoi dheireadh i [[1920]] rinneadh críochdheighilt ar Éirinn agus tugadh a bparlaimint féin d'aontachtóirí Uladh, agus flaitheas aici ar shé chinn de chontaetha Chúige Uladh.▼
Eagraíocht mhíleata a bunaíodh sa bhliain [[1912]] chun cur i gcoinne an [[Rialtas Dúchais|Rialtais Dúchais]] d'[[Éire|Éirinn]] is ea '''Óglaigh Uladh''' ('''UVF''', nó as Béarla, na ''Ulster Volunteers'', agus ina dhiaidh sin an t-''Ulster Volunteer Force'', nó "Fórsa Óglaigh Uladh"). Bhunaigh an dlíodóir [[Edward Carson]], [[James Craig]], agus ceannairí aontachtaithe agus dílseacha i g[[Cúige Uladh]] Óglaigh Uladh an chéad uair agus bhagair siad éirí amach fuilteach dá mbunófaí parlaimint i m[[Baile Átha Cliath]].
''Home Rule is Rome Rule'' ("is é Rialtas na Róimhe an Rialtas Dúchais") agus ''Ulster will fight and Ulster will be right'' ("cuirfidh Ulaidh troid agus beidh an lá ag Ultaibh") na manaí a bhí acu.
Tháinig eagraíocht sceimhlitheoireachta sheicteach chun cinn sna 1960idí faoin ainm Ulster Volunteer Force (UVF), agus lucht leanúna na heagraíochta ag áitiú gurb ionann í agus sean-Óglaigh Uladh. Bhí an tUVF go mór mór i mbun feallmharfóireachta agus pléascánaíochta leis an bpobal [[Caitliceach]] a chéasadh is a ghéarleanúint. Cuid de na hÓglaigh seo, bhí an-lámh acu i ngnáthchoirpeoireacht chomh maith, agus iad ag smugláil is ag díol drugaí. Dealraíonn sé go bhfuil siad i mbun na ngnóthaí seo i gcónaí. Is ar éigean a d'éirigh leo aon ionadaíocht a bhaint amach sna toghcháin leis na blianta anuas. Glactar leis gurb é [[an Páirtí Aontachtach Forásach]] an grúpa polaitiúil is cóngaraí don UVF faoi láthair.▼
▲
▲Tháinig eagraíocht sceimhlitheoireachta sheicteach chun cinn sna 1960idí faoin ainm Ulster Volunteer Force (UVF), agus lucht leanúna na heagraíochta ag áitiú gurb ionann í agus sean-Óglaigh Uladh. Bhí an tUVF go mór mór i mbun feallmharfóireachta agus pléascánaíochta leis an bpobal [[Caitliceach]] a chéasadh is a ghéarleanúint. Cuid de na hÓglaigh seo, bhí an-lámh acu i ngnáthchoirpeoireacht chomh maith, agus iad ag smugláil is ag díol drugaí
Glactar leis gurb é [[an Páirtí Aontachtach Forásach]] an grúpa polaitiúil is cóngaraí don UVF faoi láthair, sna toghcháin leis na blianta anuas.
{{síol}}
|