An difríocht idir athruithe ar: "Violet Gibson"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Violet Gibson's grave.JPG|mion|Uaigh Violet Gibson in [[Northampton]]]]Bean [[Éireannach]] a rinne iarracht [[Benito Mussolini]] a mharú<ref>The Woman Who Shot Mussolini, [https://www.theguardian.com/books/2010/feb/27/woman-shot-mussolini-stonor-saunders The Guardian,] 27 Feabhra 2010</ref> ab ea '''Violet Albina Gibson''' ([[31 Lúnasa]] [[1876]] – [[2 Bealtaine]] [[1956]]). Iníon an Tiarna Ashbourne a bhí inti. I m[[Baile Átha Cliath]] a rugadh í.
 
Ar [[7 Aibreán]] [[1926]] scaoil Gibson le Mussolini, a bhí ina shuí i n[[gluaisteán]] i ndiaidh óráid a thabhairt sa [[An Róimh|Róimh]]. Scaoil sí dhá urchar leis, a rinne damáiste dá [[Srón|shrón]]. Ar éigin a bhí sé gortaithe, áfach, agus i ndiaidh bindealán a chur ar a shrón lean sé leis sa pharáid a bhí ceaptha don lá.
 
Ba bheag nár [[Linseáil|linseál]]<nowiki/>adh Gibson (mar a tharla i gcás fear óg a rinne iarracht Mussolini a mharú ar ócáid eile). Gabhadh í, agus toisc ise ina heachtrannach agus ina gealt, dar leis na húdaráis Iodálacha, d'ordaigh Mussolini í a chur chuig [[an Bhreatain Mhór]] gan an [[dlí]] a chur uirthi sa chúirt.<ref>Bosworth, R.J.B., Mussolini, 2002, lgh. 218-9</ref>