An difríocht idir athruithe ar: "An Búda"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Is é an Búda an t-ainm a thugtar ar Guatama Siddartha agus ciallaíonn sé ‘an té atá ina dhúiseacht’. Rugadh é thart fan bhliain 550 RCR i dtuaisceart na hIndia agus ba r...
 
No edit summary
Líne 1:
Is é an Búda an t-ainm a thugtar ar Guatama Siddartha agus ciallaíonn sé ‘an té atá ina dhúiseacht’. Rugadh é thart fan bhliain 550 RCR i dtuaisceart na hIndia agus ba rí é a athair. Deirtear go ndearnadh tairngreacht agus an Búda ina pháiste go rachadh sé isteach sna manaigh nuair a bheadh an fhulaingt tugtha faoi deara aige agus go ndéanfadh sé cion tairbhe iontach tábhachtach ó thaobh na spioradáltachta de, rud nár thaitin lena athair ar chor ar bith. Thóg a athair gairdín mór dó agus chuir sé cosc ar aon radharc a bhain leis an fhulaingt ach d’éalaigh an Búda agus d’amharc sé ar cheithre radharc: seanfhear, fear tinn, marbhán agus manach. I ndiaidh dó na rudaí seo a fheiceáil, chinn sé ar a bhaile a fhágáil le bheith ina mhanach agus fáil amach cén bealach le cosc a chur ar an fhulaingt.
 
 
Chaith sé tamall ag staidéar leis na haiséitigh éagsúla chun an ióga a fhoghlaim, ach ní raibh sé sásta leis an dul chun cinn a bhí á dhéanamh aige. D’imigh sé uathu agus shuigh sé síos faoi scáth crainn bodhi, agus mhóidigh sé fanacht ann go mbeadh an eagnaíocht bainte amach aige. Deirtear, agus é ina shuí ansin, gur mhothaigh sé fulaingt iomlán an chine dhaonna agus gach neach eile, ach ag deireadh na tréimhse chuaigh sé isteach sa nirvana, an eagnaíocht bainte amach aige.
 
 
Ar dtús bhí rún aige fanacht ansin gan focal a rá le haon duine eile, ach deirtear go raibh guth ón dia Brahma ag impí air an t-eolas sin a roghnú agus, mar sin, chaith an Búda 45 bliain ag dul gach áit ag tabhairt cuidithe do dhaoine a bhí ag fulaingt. Theagasc an Búda na ceithre fhírinne uaisle: Is í an fhulaingt an saol ar fad, is í an dúil bunús na fulaingthe, is é stad na dúile stad na fulaingthe, agus is í conair na n-ocht rian an dóigh chun sin a dhéanamh (amharc ceart, rún ceart, chaint cheart, gníomhú ceart, slí bheatha cheart, iarracht cheart, aireachas ceart agus tiúchan ceart). Bhunaigh sé ord manach agus siúrach agus bhí lucht leanúna tuata aige fosta. I rith na n-aoiseanna a lean, bhí líon ollmhór daoine ag leanúint a theagaisc, mar is amhlaidh inniu, agus is cinnte gurb é an Búda duine de mhórghiniais spioradálta i stair an domhain.