An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Seosamh Ó Rathaille"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 33:
Dé hAoine, an 28ú lá de Mhi Aibreáin, agus Oifig an Phoist trí [[Tine|thine]], thairg sé grúpa fear a thabhairt leis agus slí éalaithe a fháil. Ag trasnú Shráid Uí Mhórdha dóibh, fuair siad iad féin faoi thine ó mheaisínghunna de chuid na Sasanach. Ghoin an meaisínghunna an Rathailleach go dona, agus thit sé ina chnap ar an tsráid, ar thairseach os comhair dorais éigin. Bhí sé ag cur na sruthanna fola, ach ina dhiaidh sin féin, d'éirigh leis ruathar a thabhairt trasna na sráide, i dtreo Lána Sackville (inniu, Paráid Uí Rathaille). D'aimsigh an meaisínghunna é arís, ansin.
 
Tá an dá b'fhéidir ann, ach deirtear go raibh sé ina bheo i gcónaí, naoi n-uaire an chloig i ndiaidh an eachtra seo, ó oíche na hAoine go dtí tráthnóna an tSathairn, nuair a bhí na hÓglaigh tar éis géilleadh do na Sasanaigh cheana féin<ref>[http://castracker.com/t.html?f=http%3A%2F%2Fpodcast.rasset.ie%2Fpodcasts%2Faudio%2F2015%2F0811%2F20150811_rteraidion-adhmhaidin-proinsiasr_c20827876_20827889_232_drm_.mp3 Tá gaolta le lucht an Éirí Amach ag impí ar an Aire Heather Humphreys 5 fhoirgneamh eile a raibh Ceannaií na Cásca a chosaint; tá NAMA le hiad a chur ar ceannt], Proinsias Ó Rathaille, Garmhac leis an Raitheallach ar RTÉ - Adhmhaidin, 11 Lúnasa 2015, </ref>.
 
Tríocha bliain i ndiaidh na n-imeachtaí, breacadh an ráiteas síos ón tiománaí otharchairr Albert Mitchell go raibh sé díreach ag tiomáint, tamall roimh an deireadh seachtaine nó ina thús, nuair a tharraing sáirsint a aird ar chorp a bhí ina luí thíos i ngáitéar Shráid Uí Mhórdha, agus é gléasta i gculaith iathghlas na hÉireann. Is cosúil go raibh an fear ina bheo fós, agus thug Mitchell in amhail é a iompar go dtí an t-otharcharr. Ansin, áfach, tháinig oifigeach Sasanach trasna chuige, agus choisc sé air agus ar a fhoireann baint don fhear. Bhí orthu, mar sin, an fear a fhágáil an áit a raibh sé, agus é ag saothrú an bháis. Tháinig siad ar ais níos déanaí, agus bhí saighdiúir ag gardáil na háite. Dúradh le Mitchell ina dhiaidh sin gurbh é an Rathailleach a bhí ann.