An difríocht idir athruithe ar: "Páirtí Aontachtach Uladh"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
Líne 11:
|gréasáin = [http://www.uup.org www.uup.org]
}}
Is páirtí polaitiúil é '''Páirtí Aontachtach Uladh''' atá lonnaithe i d[[Tuaisceart Éireann]]. B'é an t-aon pháirtí amháin i [[rialtas]] Thuaisceart Éireann]] ón mbliain [[1920]] go dtí an bhliain [[1972]], agus é i gcomhrialtas le páirtithe eile sna blianta [[1998]]-[[2002]]. Roimh an mbliain 2005, nuair a bhuaigh an [[Páirtí Aontachtach Daonlathach]] an toghchán, bhí sé ar an bpáirtí ba mhó sa stáitín. Is é [[Tom Elliott]] cathaoirleach an pháirtí.
 
== Stair ==
Bunaíodh [[Páirtí Aontachtach na hÉireann]] sa bhliain [[1905]] chun stop a chur le [[Rialtas Dúchais]] na hÉireann taobh isteach den [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]]. Cuireadh tús le h[[Óglaigh Uladh]] go luath ina dhiaidh sin. Bhí dlúthbhaint ag an bpáirtí leis an [[An tOrd Oráisteach|Ord Oráisteach]] mar eagraíocht ar feadh i bhfad, ach briseadh an nasc sin in olltoghchán na bliana 2005, nuair a chaith cuid mhór de na hOráistigh a gcuid vótaí i bhfách leis an bPáirtí Aontachtach Daonlathach. Bhí nasc den chineál chéanna ag an bpáirtí le [[Printísigh Dhoire]], ach scaoileadh sa bhliain [[1975]] é.
I dtús ama, bhí ionadaithe ag an bpáirtí i ngach contae in [[Éirinn]]. Cé go raibh an lucht ceannais bunaithe sa Deisceart, bhí an chuid ba mhó de na baill ina gcónaí in Oirthear [[Cúige Uladh|Uladh]] san am sin féin.
Líne 22:
Fir shaibhre ab ea iad Príomh-Airí an Tuaiscirt de ghnáth, agus ba mhinic iad ag caint go dímheasúil faoi na Caitlicigh, arbh aon trian iad de dhaonra an stáitín.
 
Sna [[1960idí|seascaidí]], d'fhéach an Príomh-Aire [[Terence O'Neill]] le [[Cearta daonna|cothrom na Féinne]] a thabhairt do na [[Poblachtánachas in Éirinn|Caitlicigh]], ach ansin, thosaigh na [[Dílseachas|Dílseoirí]], ar nós [[Ian Paisley]], ag cur ina aghaidh. Thosaigh na Dílseoirí agus na péas ó [[Constáblacht Ríoga Uladh|Chonstáblacht Ríoga Uladh]] ag ionsaí na mórshiúlta a bhí ag éileamh cearta sibhialta do na Caitlicigh, agus. nuairNuair a maraíodh daoine de lucht na mairseálamáirseála, chrom an tIRA ar na Protastúnaigh a imeaglú chomh maith. Sa bhliain [[1972]], bhain rialtas na Breataine an chumhacht de na hAontachtóirí, nuair a tháinig an Riail Dhíreach i bhfeidhm.
 
Bhí tionchar an-láidir ag an Ord Oráisteach ar an bpáirtí. Baill den Ord ab ea é gach duine den tseisear Príomh-Airí, agus bhí gach duine de na hAirí Aontachtacha Rialtais go léir ina mbaill freisin, amach ón triúr nach raibh. Thairis sin, d'éirigh triúr eile as an Ord, duine acu nuair a phós a iníon fear Caitliceach, agus duine eile nuair a caitheadh amach as an eagraíocht é toisc go bhfacthas ag searmanas Caitliceach é aon uair amháin. Bhí cúigear ionadaithe déag is ceithre scór ag an bpáirtí i bparlaimint an stáitín i rith na mblianta nach raibh ina mbaill, agus ochtar is ceithre scór a bhí.