An difríocht idir athruithe ar: "Dlí"

Content deleted Content added
No edit summary
(No difference)

Leagan ó 17:05, 13 Eanáir 2005

Rialacha nó gnásanna iompair a bhaineann le hiompar agus caidreamh idir daoine agus eagraíochtaí. Leagtar síos píonóis orthu siúd nach gcomhlíonann na rialacha. D'fhorbair gach sochaí dhaonna cód rialacha den chineál seo, agus de ghnáth bíonn foras nó institiúidí ar leith ann chun an dlí a mhíniú agus a athrú de réir mar is gá. Tá tionchar an-láidir ag an dlí a d'fhorbair na Rómhánaigh ar dhlíthe na hEorpa agus an domhain, agus tháinig forbairt ar an dlí sin go háirithe mar gheall ar leasaithe a rinneadh sa Bhreatain Magna Carta, san Iodáil agus sa Fhrainc Cód Napoleon. is féidir leis an dlí a bheith áitiúil, náisiúnta nó idirnáisiúnta agus tá dlithe ar leith ann do réimsí éagsúla imeachtaí daonna. Tá an Dlí Canónda ag an Eaglais Chaitliceach mar shampla, agus tá dlíthe idirnáisiúnta tráchtála agus coiriúlachta ann chomh maith.