An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Vítneam agus na Síne"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link FA template (handled by wikidata)
No edit summary
Líne 21:
 
== Cúlra ==
[[Íomhá:Vietnam china.jpg|clé|mion|Léarscáil]]
Bhí an tSín ag tacú le Vítneam sna cogaí in aghaidh na [[An tSeapáin|Seapáine]], na [[An Fhrainc|Fraince]] agus na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stát Aontaithe]], agus is iomaí coinsíneacht arm a fuair na Vítneamaigh, na fórsaí náisiúnaíocha ar dtús, agus ina dhiaidh sin na fórsaí Cumannacha, ón tSín le linn na gcogaí seo. Bhí [[an tAontas Sóivéadach]] ag cabhrú leis na Vítneamaigh chomh maith, áfach. Tar éis don deachtóir [[Iósaf Stailín]] bás a fháil tháinig naimhdeas idir [[an tSín]] agus na [[An tAontas Sóivéadach|Sóivéadaigh]], ach bhí ceannairí Vítneam sásta taobhú le rialtas nua Sóivéadach [[Nicíte Cruistsiof]]. Shíl ceannairí na Síne go raibh na Rúisigh ag iarraidh an tSín a imshuí, agus chuaigh siad ag déanamh mórtachais leis na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Meiriceánaigh]].
[[Íomhá:Stamps of Germany (DDR) 1979, MiNr 2463.jpg|clé|mion|177x177px|Stampa, DDR, 1979]]
 
I ndiaidh an bhua a fuair fórsaí [[Ho Chi Minh]] ar rialtas Vítneam Theas agus a d'athaontaigh Vítneam, tháinig an tsíocháin go Vítneam, ach san am céanna, chuir [[Pol Pot]] ar bun an [[An Champúis Dhaonlathach|Champúis Dhaonlathach]] sa [[An Chambóid|Chambóid]] le cuidiú ón tSín, an deachtóireacht a rinne ollmharú uafásach ar a muintir féin, go háirithe ar na mionlaigh náisiúnta - mionlach Vítneamach san áireamh. Tír bheag is ea í an Chambóid a bhfuil teorainn ag Vítneam léi san iardheisceart. Ní hamháin gur maraíodh a lán Vítneamaigh eitneacha sa Champúis Dhaonlathach, ach bhí na Campúsaigh ag maíomh gur leo féin cuid den talamh trasna na teorainne i Vítneam, rud a chuir na Vítneamaigh ar a bhfaichille, ní nárbh ionadh. Fuair Pol Pot tacaíocht ón tSín, agus spreag na Sínigh é chun ionsaí a dhéanamh ar Vítneam sa bhliain [[1978]]. Dá thoradh sin, d'ionsaigh Vítneam an Champúis Dhaonlathach, bhris Arm Vítneam an cath ar na Campúsaigh agus baineadh an chumhacht de Pol Pot. Gabhadh [[Phnom Penh]], príomhchathair na Cambóide, i Mí Eanáir [[1979]], tháinig deireadh le ré na Campúise Daonlathaí, agus chuir na Vítneamaigh rialtas nua ag stiúradh na Cambóide. Bhí na Sínigh an-mhíshásta leis seo, agus d'fhógair siad go raibh siad le hionradh a dhéanamh ar Vítneam. Bhí na Stáit Aontaithe ag tacú leis an tSín.