An difríocht idir athruithe ar: "Seán Ó Cathasaigh"

m
no edit summary
(nasc srl)
m
| gairm = Drámadóir, scríbhneoir
}}
[[Drámadóir]] [[Éireannach]] ab ea é '''Seán Ó Cathasaigh''' ([[Béarla]]: ''Seán O'Casey'', [[30 Márta]] [[1880]] - [[18 Meán Fómhair]] [[1964]]). [[Náisiúnachas|Náisiúnaí]] agus [[Sóisialachas|Sóisialaí]] a bhí ann, agus bhí sé ar an chéad mhórdhrámadóir Éireannach a scríobh faoi shaol an [[lucht oibre]] i m[[Baile Átha Cliath]]. Is iad na bancharachtair ina chuid drámaí, agus an craiceann inchreidte atá orthu, is mó a thuill a chlú dó.
 
== A chéad óige ==
Saolaíodh Seán Ó Cathasaigh (''John Casey'', san am sin) ar a 85 Sráid Dorset Uachtarach i dTuaisceart Lár [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]]. Is minic a shíltear gur tháinig sé ar an bhfód i gceann de thionóntáin na mbocht a mbíonn an saol iontu á chardáil ina chuid drámaí. Le fírinne, áfach, breac-mheánaicme ab ea iad a mhuintir. [[Protastúnachas|Protastúnach]] a bhí ann, nó bhí sé ina bhall d'[[Eaglais na hÉireann]]. B'as [[Contae Chill Mhantáin]] dá thuismitheoirí ó thús, agus bhí a athair ag obair ina fhear cothabhála sa teach ina raibh cónaí orthu in áit cíos a íoc.
 
Tachtadh Mícheál, athair Sheáin Uí Chathasaigh, nuair a bhí sé ag ithe éisc ámh, nó b'fhéidir gur bhásaigh sé tar éis tinnis. Ina dhiaidh sin, bhí ar a mhuirín dul ó áit go háit timpeall Thuaisceart Bhaile Átha Cliath. Maidir le Seán óg, bhí radharc a shúl go dona, rud a chuir isteach air ag tógáil léin dó. D'éirigh sé as an [[scoil]] agus é ceithre bliana déag d'aois agus chuaigh sé timpeall ag jabaireacht oibre. Mar shampla, chaith sé naoi mbliana ar an mbóthar iarainn.
 
Ina mbuachaillí óga dóibh, chuireadh Seán agus a dheartháir mór, Archie, drámaí le [[Dion Boucicault]] agus le [[William Shakespeare]] i láthair sa bhaile. Rinne Seán páirt bheag in Amharclann na Meicneoirí, san áit a bhfuil [[Amharclann na Mainistreach]] inniu, ar an ''Shaughraun'' le Boucicault.
[[Íomhá:Sean O'Casey childhood home.jpg|clé|mion|Sráíd Dorset, Baile Átha Cliath]]
 
== Cúrsaí polaitíochta ==
 
Ó bhí sé ag cur tuilleadh spéise sa [[náisiúnachas]] in imeacht an ama, chuaigh sé i g[[Conradh na Gaeilge]] sa bhliain 1906, agus d'fhoghlaim sé [[Gaeilge]]. Thairis sin, d'fhoghlaim sé na [[píoba uilleann]] a sheinm, agus é ar dhuine acu siúd a bhunaigh Buíon Cheoil Naomh Labhráis Uí Thuathail. Bhí sé ina rúnaí don [[Ceolfhoireann|cheolfhoireann]] seo chomh maith. Chuaigh sé i m[[Bráithreachas na Poblachta]], agus ghlac sé páirt in obair [[Ceardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann|Cheardchumann Iompair agus Ilsaothair na hÉireann]], an ceardchumann a bhunaigh [[Séamas Ó Lorcáin|Seámus Mór Ó Lorcáin]] le haire a thabhairt do leas na n-oibrithe neamhoilte a raibh cónaí orthu i dtionóntáin Bhaile Átha Cliath.
 
I Márta 1914, rinneadh Ard-Rúnaí de d'[[Arm na Saoránach]]. Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh [[Séamus Ó Conghaile]] i gceannas ar an Arm. Ar an 24 Iúil 1914, d'éirigh sé as Arm na Saoránach.
An chéad dráma leis an gCathasach ar glacadh leis le haghaidh stáitsiú, mar atá, ''The Shadow of a Gunman'' ("Scáil an Ghunnadóra"), léirigh Amharclann na Mainistreach é sa bhliain 1923. Ina dhiaidh sin, bhí baint ag an drámadóir agus ag an amharclann le chéile a chuaigh chun leasa don bheirt acu, ach tháinig cineál drochdheireadh leis an mbaint sin.
 
Is é is ábhar don dráma ná an dóigh a ndeachaigh an [[Polaitíocht|pholaitíocht]] réabhlóideach[[réabhlóid]]<nowiki/>each i gcion ar mhuintir na slumaí i mBaile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin, léirigh an amharclann ''Juno and the Paycock'' sa bhliain 1924 agus ''The Plough and the Stars'' dhá bhliain ina dhiaidh sin. Is dócha gurbh iad an dá cheann seo togha a shaothair.
 
Sa chéad cheann acu, caitear súil an lucht oibre, súil na mbocht, ar imeachtaí an [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Chogaidh Chathartha]]. An dara ceann, arís, tá sé suite i mBaile Átha Cliath le linn [[Éirí Amach na Cásca]]. Leis an meánaicme ba mhó a bhain an tÉirí Amach sin, agus ní raibh mórán bainte ag na bochta leis.
[[Íomhá:Sean O'Casey by Reginald Gray.jpg|mion]]
 
Bhí an ''Plough and the Stars'' ceaptha mar dhráma frithchogaidh, ach is é an chiall a bhain an lucht féachana as ná gur dráma frithnáisiúnaíoch a bhí ann. Mar sin, spreagadh an lucht féachana chun scliúchais a chur suas a bhí cosúil leis na círéibí a tháinig as an b''Playboy of the Western World'' le [[John Millington Synge]] sa bhliain [[1907]]. Mar sin féin, d'éirigh an Cathasach as a jab le cromadh ar an scríbhneoireacht go lánaimseartha.
 
 
== Na blianta i Sasana ==
[[Íomhá:SEAN O'CASEY 1880-1964 Playwright lived here at flat No 49.jpg|mion|49 Overstrand Mansions, Prince of Wales Drive, Battersea, London SW11 4EZ]]
 
Sa bhliain 1929, dhiúltaigh [[William Butler Yeats]] an ceathrú dráma leis an gCathasach, ''The Silver Tassie'', a léiriú in Amharclann na Mainistreach. Bhí an drámadóir faoi léan cheana féin ag an bhfreagra borb a fuair ''The Plough and the Stars'', agus chinn sé ar shlán a fhágáil ag an amharclann sin go deo. Shocraigh sé síos i Sasana, agus b'ansin a chaith sé an chuid eile dá shaol.
 
Ní bhfuair na drámaí seo riamh an moladh ná an rath céanna agus an triológ luath faoi shaol na dtionóntán. I ndiaidh [[an Dara Cogadh Domhanda]], scríobh sé ''Cock-a-Doodle Dandy'' (1949), ab fhéidir gurb é an saothar is fearr agus is spéisiúla dár chum sé riamh. Ón dráma úd ''The Bishop's Bonfire'' (1955) ar aghaidh, bhí an Cathasach ag scrúdú an ghnáthshaoil in Éirinn. Sampla eile den stíl seo ab ea é ''The Drums of Father Ned'' (1958).
 
Ag druidim le deireadh a shaoil dó, chaith an Cathasach cuid mhór dá dhúthracht le cúig imleabhar a dhírbheathaisnéisedhír[[Beathaisnéis|bheathaisnéise]], saothar atá ag cur thar maoil le spraoi agus le spéisiúlacht.
[[Íomhá:Sean OCasey 1880-1964.jpg|clé|mion|cuimhneacháin, Saint Patrick's Park, BÁC]]
 
I Mí Mheán Fómhair 1964, agus é ocht mbliana is ceithre scór d'aois, fuair an Cathasach bás i d[[Torquay]], [[Devonshire]], i [[Sasana]].