An difríocht idir athruithe ar: "An Ungáiris"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 10:
|rialtóir=''Magyar Tudományos Akadémia Nyelvtudományi Intézete''<br /> Lárionad Taighde Teangeolaíochta san [[Acadamh um Eolaíocht na hUngáire]]
|iso1=hu|iso2=hun|iso3=hun}}
Is í an '''Ungáiris''', nó (''magyar nyelv'',) an ceann is líonmhaire cainteoirí dúchais de na teangacha Fionn-Úgracha, agus í á labhairt ag 14,5 milliún duine san [[An Ungáir|Ungáir]], sa [[An tSlóvaic|tSlóvaic]], san [[An Úcráin|Úcráin]], sa [[An Rómáin|Rómáin]], sa [[An tSeirbia|tSeirbia]], sa [[An tSlóivéin|tSlóivéin]] agus sa [[An Chróit|Chróit]]. Ceann de na teangacha Úgracha í, in éineacht leis an teanga Khanty agus an teanga Mansi, dhá theanga bheaga mionlaigh a labhraítear cois Abhainn Ob sa [[An Rúis|Rúis]] (na teangacha Ob-Úgracha, mar a thugtar orthu freisin).
 
Is í [[an Fhionlainnis]] an dara teanga Fhinne-Úgrach is mó cainteoirí, ach ós rud é go mbaineann an dá theanga seo le craobhacha éagsúla an chrainn ghinealais, ní féidir leis an Úngarach adhmad ar bith a bhaint as caint an Fhionlannaigh, mura bhfuil an Fhionlainnis foghlamtha aige. Níor haithníodh an gaol idir na teangacha seo ach sa bhliain [[1717]], agus ina dhiaidh sin féin, bhí cuid mhaith de na huaisle Ungáracha an-doicheallach ag tabhairt aitheantais dó, ó ba náir leo a admháil go mbeadh aon bhaint acu le "muintir fhiáin na Laplainne". Is léir go raibh cúiseanna polaitiúla leis an gconspóid sin freisin.