An difríocht idir athruithe ar: "Píotsa"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Pepperoni pizza.jpg|deas|250px|thumb|Píotsa.]]
[[Íomhá:Pizza im Pizzaofen von Maurizio.jpg|thumb|250px|]]
Arán cothrom réidh is ea é an '''píotsa''' ([[Iodáilis]]: ''Pizza'') a gcuirtear táthchoda éagsúla sa mhullach air, cosúil le [[glasra|glasraí]], [[feoil]], [[iasc]] nó [[beacán|beacáin]], in éineacht le [[tráta|trátaí]], [[cáis]] agus [[spíosra|spíosraí]] éagsúla. Tháinig an píotsa ón Iodáil, agus dealraíonn sé go n-itheadh na sean-Rómhánaigh féin arán a bhí cosúil leis an bpíotsa.
 
San [[An Iodáil|Iodáil]], b'é an píotsa príomhbhia na ndaoine bochta sa naoú haois déag, agus ba le Napoli thar aon áit eile a samhlaíodh é. Shroich an píotsa [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Meiriceá]] i ndeireadh na naoú haoise déag, nuair a bhí na mílte Iodálaigh ag dul ar imirce agus ag cur fúthu sna Stáit Aontaithe, agus iad ag tabhairt a gcuid bia leo, ar ndóigh. Níor thug na sluaite síoraí taobh amuigh de na pobail Iodálacha i Meiriceá taithneamh don phíotsa ach i ndiaidh [[an Dara Cogadh Domhanda]], áfach. Na saighdiúirí Meiriceánacha a bhí ina n-arm forghabhála san Iodáil i ndeireadh an chogaidh, ní raibh siad sásta le bia an airm, agus b'fhearr leo dul ar lorg an bhia áitiúil Iodálaigh - agus is é an píotsa an cineál bia ba réidhe a bhí ar fáil. Nuair a d'fhill siad abhaile, lean siad leo ag ithe píotsaí, agus de réir a chéile, tháinig borradh mór ar an bpíotsadóireacht mar ghnó. Sa deireadh, scaip an píotsa ar fud an domhain le cuidiú na sreangshiopaí [[mearbhia]] Meiriceánacha.