An difríocht idir athruithe ar: "Buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 5 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q2870015 (translate me)
mNo edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Talbot Street, Dublin ( DSC6340).jpg|mion|Sráid Talbot]]
Is é an rud a bhí i gceist le '''buamálacha Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin''' ná sraith ionsaithe [[sceimhlitheoireacht]]a a rinneadh ar [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]] agus ar [[Muineachán|Mhuineachán]] ar an [[17 Bealtaine|17ú lá de Mhí na Bealtaine]], [[1974]]. Maraíodh triúr daoine déag is fiche sna hionsaithe seo, agus fágadh cneá, goin nó goimh ar bheagnach trí chéad duine, níos mó ná ar aon lá eile i stair na dTrioblóidí. Cé nár mhaígh aon eagraíocht ar leith freagracht as na hionsaithe, glactar leis go coitianta gur dream paraimhíleata éigin de chuid na nDílseoirí i d[[Tuaisceart Éireann]] a rinne an obair.
 
== Cróineolaíocht na n-imeachtaí ==
[[Íomhá:Glaslough Street, Monaghan 085.jpg|mion|Sráid Glaslough, Muineacháin, 1989]]
 
Phléasc trí charrbhuama taobh istigh de chúig nóiméad ama i Sráid Parnell, Sráid Talbot, agus Sráid Laighean Theas i lárchathair Bhaile Átha Cliath. Go gairid ina dhiaidh sin, phléasc buama eile fós i [[Muineachán]].
* Ag leathuair i ndiaidh a cúig iarnóna: Phléasc trí bhuama beagnach san am céanna i Sráid Talbot, Sráid Parnell agus Sráid Laighean Theas. Fuair triúr daoine is fiche, idir fhir, mhná agus pháistí, bás sna pléascanna seo, agus shíothlaigh triúr eile san ospidéal i rith an chéad chupla lá tar éis na bpléasc.
::* Phléasc an chéad cheann den trí bhuama i mBaile Átha Cliath ag ocht nóiméad is fiche tar éis a cúig i Sráid Parnell. Fuair aon duine déag bás de dheasca an bhuama seo.
::* Phléasc an dara ceann de na buamaí i mBaile Átha Cliath ag leathuair i ndiaidh a cúig i Sráid Talbot. Cailleadh ceathrar déag ansin.
::* Phléasc an ceann deireanach acu ag dó nóiméad déag is fiche i ndiaidh a cúig i Sráid Laighean Theas. Beirt a d'éag sa phléasc seo.
 
* Ag a seacht a chlog iarnóna: phléasc buama eile i mBóthar an Tuaiscirt i Muineachán. Mharaigh an ceann seo cúigear ar dtús, agus shíothlaigh beirt eile i rith an chéad chupla seachtain eile.
 
Line 24 ⟶ 26:
D'ordaigh Rialtas na hÉireann do bhreitheamh arbh ainm dó Henry Barron tuarascáil rúnda a scríobh faoi na buamálacha. De thoradh na tuarascála, cuireadh an iomad ceisteanna faoi, cén fáth a mbeadh Rialtas na hÉireann ag iarraidh an fhírinne a cheilt faoi ionsaithe sceimhlitheoireachta a bhí dírithe ar dhochar a dhéanamh do shíocháin na sochaí in Éirinn féin. Is iomaí teoiric a tháinig chun solais sna meáin chumarsáide, agus is é an míniú is inchreidte ná nach raibh cuid de na Gardaí ábalta glacadh leis go raibh fórsaí slándála na Breataine Móire ag cabhrú leis na sceimhlitheoirí.
 
Creidtear go bhfuair an Breitheamh Barron an-locht ar an dóigh ar fhiosraigh na Gardaí an scéal, go háirithe ar an diospóireachtdíospóireacht faoi chúrsaí na fóiréinsice agus ar an iompairc faoin gcumhacht i measc na nGardaí san am. Is beag fianaise fhóiréinseach a fhágann na buamálacha ina ndiaidh. Mar sin, tá sé ardtábhachtach i gcásanna den chineál seo tástálacha tobanna a dhéanamh leis na substaintí a aithint a húsáideadh sa bhuama. D'fhág na Gardaí an obair faoi Shaotharlann Stáit na hÉireann, a bhí in anás maoiniú agus foirne san am. Mar sin féin, bhí sí in ann a chruthú gur buamaí sofaisticiúla a bhí i gceist, cé nach bhfuarthas na samplaí ach trí lá i ndiaidh na mbuamálacha. Ar chúiseanna nach dtuigtear go hiomlán, ní rabhthas muiníneach as torthaí Shaotharlann Stáit na hÉireann, agus cuireadh na samplaí chuig saotharlann fhóiréinseach i mBéal Feirste. Ní raibh foireann na saotharlainne sin go hiomlán ar aon fhocal le Saotharlann an Stáit, ach mura raibh, ní bhfuair siad na samplaí ach aon lá déag i ndiaidh na n-imeachtaí, rud a cháin siad ina dhiaidh sin ina dtuarascáil féin. Ba chóir samplaí den chineál seo a thaighde sula mbeadh sé uaire imithe ón mbuamáil, dar leo.
 
== Tagairtí ==