An difríocht idir athruithe ar: "Spás-am"

Content deleted Content added
Is maith liom Spás
clib: Mobile edit Mobile web edit
Cealaíodh athrú 829164 le 87.38.22.5 (plé)
Líne 1:
Is éard atá sa '''spás-am''' comhnascadh an spáis agus an ama mar aonán matamaiticiúil agus fisiciúil. Taispeánann cothromóidí na coibhneasachta go gcaithfear comhordanáidí teagmhais a mheascadh le chéile chun cuntas cruinn a thabhairt ar an rud a fheicimid.
 
Is maith liom Spás
 
De réir [[Teoiric choibhneasachta Einstein|teoiric na coibhneasachta speisialta]], tá comhghaol idir na toisí spásúla — fad, leithead is airde — agus an t-am. Tá ráta imeacht an ama ag brath ar ghluaisne an bhreathnóra. Dealraíonn clog atá faoi ghluaiseacht a bheith ag rith níos moille ná clog atá ar fos. D'fhéadfadh breathnóir amháin dhá eachtra a fheiceáil mar rudaí comhuaineacha, ach ní fheicfeadh breathnóir atá faoi ghluaiseacht mar sin iad in aon chor. De réir na teoirice seo, ní dearbhthoise aon cheann de na cheithre thoise. De réir mar a mhéadaíonn luas réada, is amhlaidh a chrapann na toisí spásúla. Ní fiú trácht ar na hiarmhairtí seo ach amháin nuair a bhíonn luas réada gar do luas forleata an [[Solas|tsolais]].