Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

m
|síniú= John F Kennedy Signature 2.svg
}}
Bhí '''John Fitzgerald "Jack" Kennedy, Sr.''' ([[An Ghaeilge|Gaeilge]]: ''Seán Mór Mac Gearailt Ó Cinnéide''; [[29 Bealtaine]], [[1917]] - [[22 Samhain]], [[1963]]), nó '''JFK''' mar a thugtar go minic air, ina 35ú [[Uachtarán na Stát Aontaithe|Uachtarán ar na Stáit Aontaithe]] idir [[1961]] agus [[1963]], nuair a feallmharaíodhfeall[[Dúnmharú|mharaíodh]] é. Eisean an duine ab óige a toghadh mar [[uachtarán]] riamh, agus an t-aon uachtarán [[Caitliceachas|Caitliceach]] a bhí ann.
 
== Tús a shaoil ==
Sheol sé go [[Londain]], [[Sasana]] ar an [[25 Meán Fómhair]] sa bhliain chéanna, in éineacht lena thuismitheoirí agus a dheirfiúr Kathleen Cavendish. Chláraigh sé le LSE (Scoil na h[[Eacnamaíocht]]a [[Londain]]) chun staidéar a dhéanamh ar gheilleagar polaitiúil ar feadh bliana faoin Ollamh Harold Laski, ach cuireadh san [[ospidéal]] é nuair a thit sé tinn. Mar thoradh, bhí ar Kennedy filleadh ar ais go dtí na Stáit Aontaithe. San [[Fómhar|fhómhar]] sa bhliain [[1935]], chláraigh sé le h[[Ollscoil]] [[Princeton, New Jersey]], ach d'éirigh sé tinn arís. [[Buíochán]] a bhí i gceist ag an am seo. San fhómhar an bhliain ina dhiaidh sin, thosaigh Kennedy ag freastal ar [[Ollscoil Harvard]].
 
Thaistil sé chuig an [[An Eoraip|Eoraip]] faoi dhó i rith a thréimhse ag Ollscoil Harvard. Chuaigh sé go dtí [[Sasana]] arís, áit ina raibh a athair mar ambasadóir. Sa bhliain [[1937]], forordaíodh [[Stéaróideach|stéaróidigh]] do Kennedy, chun smacht a chur ar a chuid [[drólainníteas]], ach thosaigh a fhadhbanna ag méadú mar thoradh air sin. Sa deireadh, d'éirigh sé níos tinne le h[[oistéapóróis]] sa [[dromlach|dhromlach]]. Bhain Kennedy céim amach ó Ollscoil Harvard, agus ansin bhog sé go dtí an scoil ghnó ag Ollscoil Stanford. Tar éis dó Stanford a fhágáil, thaistil sé go dtí [[Meiriceá Theas]].
 
Scríobh Kennedy a thráchtas ''"Why England Slept"'' sa bhliain [[1940]], ar eachtraí na mBriotanach agus an Comhaontú Munich. Theastaigh uaidh an tráchtas a choimeád san [[ollscoil]] ar dtús, ach chuir a athair ina luí air an tráchtas a [[Foilsitheoireacht|fhoilsiú]] mar [[leabhar]]. D'fhág Kennedy Harvard agus céim bainte amach aige i gcúrsaí idirnáisiúnta i mí Meitheamh 1940. Foilsíodh an tráchtas sa bhliain chéanna, a bhí an-rathúil freisin.
Na boinn eile a bhuaigh Kennedy le linn an [[Dara Cogadh Domhanda]] ná an "Purple Heart", "Asiatic-Pacific Campaign Medal", agus an "World War II Victory Medal". Scaoileadh amach é sa bhliain [[1945]], agus ghéill na Seapánaigh cúpla mhí níos déanaí.
 
== Ina pholaiteoir dóPolaitaíocht ==
<!--[[Íomhá:John F. Kennedy, Florette and a friend, at André Dubonnet’s, Cap d'Antibes, 12 August 1953.JPG|deas|150px|thumb|Kennedy san [[An Fhrainc|Fhrainc]] sa bhliain [[1953]].]]-->
Tháinig John F. Kennedy slán as an g[[cogadh]], ach cailleadh a dheartháir Joseph P. Kennedy, Jr. ar an [[12 Lúnasa]], [[1944]]. De bharr seo, cuireadh níos mó brú ar John tús a chur leis a shaol sa [[polaitíocht|pholaitíocht]].
 
Bhuaigh sé áit sa t[[Seanad Stáit Aontaithe Mheiriceá|Seanaid]] don stát [[Massachusetts]] sa bhliain [[1952]] i gcoinne an tSeanadóra Henry Cabot Lodge óna [[Páirtí Poblachtach (Stáit Aontaithe)|Phoblachtaigh]].
[[Íomhá:Toni Frissell, John F. Kennedy and Jacqueline Bouvier on their wedding day, 1953.jpg|mion|Pósadh: John F. Kennedy agus Jacqueline Bouvier]]
 
Ar an [[12 Meán Fómhair]] [[1953]], phós Kennedy le [[Jacqueline Kennedy Onassis|Jacqueline Lee Bouvier]]. Lean na fadhbanna a bhí aige leis a dhromlach ar aghaidh, agus seoladh é faoin scian go minic i rith na dhá bhliain ina dhiaidh. Bhí an t-ádh air nár chailleadh é, i rith an tréimhse seo.
 
Mar thoradh, bhí Kennedy as láthair ón tSeanad go minic. Bhí fadhb ag Kennedy sa bhliain [[1954]] nuair a bhí an Seanad réidh McCarthy a cháineadh, agus níor chaith sé vóta mar bhí sé san ospidéal arís. Leis an eachtra seo, rinneadh a lán dochar dó.
 
Phléigh Kennedy agus a theagmhálaí [[Richard M. Nixon|Richard Nixon]] ón [[Páirtí Poblachtach (Stáit Aontaithe)|Pháirtí Poblachtach]] na cúrsaí seo le chéile i rith an chéad díospóireacht uachtaránachta a bhí le feiceáil ar an [[teilifís]]. Bhí cuma mí-chompordach agus corraitheach ar Nixon, agus cheap formhór an lucht féachana go raibh an bua ag Kennedy, é a bhí socair agus féinmhuiníneach. Eachtra [[stair]]iúil a bhí ann pé scéal é, agus bhí páirt tábhachtach ag an teilifís i b[[polaitíocht]] as seo amach.
[[Íomhá:John F. Kennedy Inauguration Speech.ogv|mion|searmanas insealbhaithe, 20 Eanáir 1961]]
 
== Uachtaránacht ==
=== Peace Corps ===
Ceann de na céad eachtraí a rinne Kennedy nuair a bhí san oifig é, b'é bunú an "Peace Corps". Sa chlár seo, chuir na Meiriceánaigh cabhair ar fáil don [[Tríú Domhan]] in [[oideachas]], [[feirmeoir]]eacht, [[leigheas]] agus [[tógálacht|tógáil]].
[[Íomhá:President Kennedy 1961 CIA map (30253020214).jpg|clé|mion|Kennedy i 1961 agus léarscáil CIA]]
 
=== Vítneam ===
8,829

edits