An difríocht idir athruithe ar: "Jack the Ripper"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
Líne 1:
'''Jack the Ripper''' (''Seac an Réabthóir'') a thugtar ar shraithdhúnmharfóirshraith[[Dúnmharú|dhúnmharfóir]] nár gabhadh riamh a bhí gníomhach i gceantracha bochta thart timpeall ar [[Whitechapel]], [[Londain]] sa bhliain [[1888]]. Mharaíodh sé [[striapachas|striapacha]] go brúidiúil, agus é ag gearradh na bputóg astu mar a bheadh sé ag foghlaim anatamaíochta[[anatamaíocht]]<nowiki/>a - mar sin creideann a lán inniu féin gur [[Dochtúir leighis|dochtúir]][[máinlia]] a bhí ann. Glactar leis gur cúigear a mharaigh sé (cuirtear mná eile san áireamh ó am go chéile).
 
== Cúlra an scéil ==
Timpeall ar lár na [[19ú haois|naoú haoise déag]] bhí lucht inimirce ag tonnadh isteach ó [[Éirinn]], agus iad ag cur fúthu i gcathracha móra [[An Bhreatain Mhór|na Breataine Móire]], [[East End]] i Londain san áireamh. Ón mbliain [[1882]], bhí dídeanaithe Giúdacha ó [[Impireacht na Rúise]] agus ó Oirthear na hEorpa ag socrú síos sna plódcheantair chéanna. Bhí ceantar Whitechapel plódaithe thar a acmhainn, agus cheal oibre is tithíochta tháinig ísealaicme ar leith ar an bhfód san áit. Bhí gadaíocht, alcólachas agus foréigean ag rith damhsa ansin, agus is iomaí bean nár fágadh de shlí bheatha aici ach striapachas. I Mí Dheireadh Fómhair [[1888]] mheasúnaigh [[Údarás Póilínithe na Príomhchathrach]], nó an ''Metropolitan Police'', go raibh 1200 striapach agus 62 dhrúthlann ag obair in Whitechapel. Tháinig trioblóidí idir na dreamanna éagsúla sna sálaí ag an mbochtanas. Chuaigh dreamanna éagsúla amach ag léirsiú lena gceart a éileamh, agus na póilíní ag iarraidh na léirsitheoirí a smachtú le lámh láidir, rud nár mhaolaigh ar an míshuaimhneas ar aon nós. Bhí Whitechapel ar coipeadh le ciníochas, coirpeachas, trioblóidí sóisialta agus bochtanas, agus is é an dearcadh a bhí ag muintir na cathrach ar an gceantar gurbh é prochóg shuarach na mímhoráltachta é. Sa bhliain 1888, chuaigh dúnmharuithe Jack the Ripper ar fud na nuachtán, rud nár bhain a dhath de mhíchlú Whitechapel.
 
== Na dúnmharuithe ==
Líne 18:
Thángthas ar chorpán Nichols timpeall ar fiche nóiméad roimh a ceathair a'chlog ar maidin Dé hAoine 31 Lúnasa 1888 ar an tsráid ar a dtugtaí Buck's Row san am - is é sin, Sráid Durward, Whitechapel, mar is aithin do lucht an lae inniu í. Bhí dhá ghearradh domhain trasna an sceadamáin, agus cneá dhomhain sprochailleach in íochtar an bhoilg, chomh maith le mionghearrthaí a bhí déanta leis an scian chéanna.
 
Tugadh corpán Annie Chapman faoi deara timpeall ar a sé a chlog ar maidin Dé Sathairn [[8 Meán Fómhair]] [[1888]] in aice leis an cúldoras ag 29 Sráid Hanbury, [[Spitalfields]]. Bhí an scornach gearrtha faoi dhó, mar a bhí ar Nichols. Bhí an bolg scortha suas go hiomlán, agus ní ba deireanaí cuireadh cronú san útaras. Nuair a bhí an cróinéir ag déanamh a fhiosrúcháin féin, dúirt finné amháin go bhfaca sé Chapman timpeall ar a leathuair i ndiaidh a cúig ar maidin agus fear dubh "leath giobach, leath galánta" ina cuideachta.
 
Maraíodh Stride agus Eddowes go moch ar maidin, Dé Domhnaigh, [[30 Meán Fómhair]] [[1888]]. Thángthas ar chorpán Stride timpeall ar bhuille a chlog ar maidin in Dutfield's Yard, in aice le Sráid Berner (inniu, Sráid Henriques), [[Whitechapel]]. Ba é ba trúigthrúig bháis di ná gearradh glan amháin sa phríomhartaire ar an taobh clé dá muineál. Ní raibh an ghnáth-drochíde le feiceáil ar íochtar a boilg, áfach, agus mar sin tá siad ann nach bhfuil cinnte gur chóir í a áireamh ar duine d'íospartaigh Jack. Na finnéithe a shíl go raibh siad tar éis Stride a aithint i gcuideachta fir roimhe sin, ní raibh siad ar aon fhocal faoi éagasc an fhir, nó bhí cuid acu ag áitiú gur fear geal gléigeal a bhí ann, an chuid eile den tuairim gur fear dubh duairc a bhí i gceist; cuid acu dúirt siad gur gioblachán bocht a bhí ann, an chuid eile barúlach go raibh sé ag caitheamh culaith ghalánta.
 
== Na híospartaigh ==