An difríocht idir athruithe ar: "Jack the Ripper"

Content deleted Content added
Líne 2:
 
== Cúlra an scéil ==
Timpeall ar lár na [[19ú haois|naoú haoisehaois déag]] bhí lucht inimirce ag tonnadh isteach ó [[Éirinn]], agus iad ag cur fúthu i gcathracha móra [[An Bhreatain Mhór|na Breataine Móire]], [[East End]] i Londain san áireamh. Ón mbliain [[1882]], bhí dídeanaithe Giúdacha ó [[Impireacht na Rúise]] agus ó Oirthear na hEorpa ag socrú síos sna plódcheantair chéanna. Bhí ceantar Whitechapel plódaithe thar a acmhainn, agus cheal oibre is tithíochta tháinig ísealaicme ar leith ar an bhfód san áit. Bhí gadaíocht, alcólachas agus foréigean ag rith damhsa ansin, agus is iomaí bean nár fágadh de shlí bheatha aici ach striapachas. I Mí Dheireadh Fómhair [[1888]] mheasúnaigh [[Údarás Póilínithe na Príomhchathrach]], nó an ''Metropolitan Police'', go raibh 1200 striapach agus 62 dhrúthlann ag obair in Whitechapel. Tháinig trioblóidí idir na dreamanna éagsúla sna sálaí ag an mbochtanas. Chuaigh dreamanna éagsúla amach ag léirsiú lena gceart a éileamh, agus na póilíní ag iarraidh na léirsitheoirí a smachtú le lámh láidir, rud nár mhaolaigh ar an míshuaimhneas ar aon nós. Bhí Whitechapel ar coipeadh le ciníochas, coirpeachas, trioblóidí sóisialta agus bochtanas, agus is é an dearcadh a bhí ag muintir na cathrach ar an gceantar gurbh é prochóg shuarach na mímhoráltachta é. Sa bhliain 1888, chuaigh dúnmharuithe Jack the Ripper ar fud na nuachtán, rud nár bhain a dhath de mhíchlú Whitechapel.
 
== Na dúnmharuithe ==