An difríocht idir athruithe ar: "Boris Johnson"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 26:
Is polaiteoir, iriseoir agus staraí a scríobhann cuntais staire don ghnáthdhuine é '''Alexander Boris de Pfeffel Johnson''', ar a dtabharfar '''Boris Johnson'''. Freastalaíonn sé mar Rúnaí Stáit Gnóthaí Eachtracha agus an Chomhlathais as 2016 amach agus ó 2015 tá sé ina Fheisire (MP) ag ionadaíocht Uxbridge agus Ruislip. Roimhe sin, d’ionadaigh sé Henley ó 2001 go 2008 mar Fheisire agus bhí sé ina Mhéara Londain ó 2008 go 2016. Agus é ina bhall den [[An Páirtí Coimeádach (An Ríocht Aontaithe)|Pháirtí Choimeádach]], tuigtear dó féin gur coimeádach aon-náisiúnach é agus tá páirt glactha aige le beartais atá liobrálach ar mhodh eacnamaíocha agus sóisialta.
 
Rugadh é i Nua-Eabhrac ar an [[19 Meitheamh]] [[1964]]. i dteaghlach saibhir Sasanach den ard meán aicme. Fuair sé a chuid oiliúna sa Scoil Eorpach sa Bhruiséil, in Ashdown House School agus in Eton College. Rinne sé staidéar ar an Léann Claiseacach in Balliol College, Oxford, agus toghadh é ina uachtarán den Oxford Union in 1986. Thosaigh sé a ghairm mar iriseoir ag obair in ''The Times'' ach briseadh as an bpost de bharr faisnéise bréige a chuir sé a chéile. Tamaillín níos déanaí ceapadh é mar chomhfhreagraí de ''The Daily Telegraph'' sa Bhruiséil agus bhí tionchar suntasach ag a chuid ailt ar an tuairim Eoraisceipteach de chuid eite dheis an Bhreatain a bhí ag fás ag an am sin. B’eagarthóir cúnta é ó 1994 go 1999 sular éirigh leis cúraim an Eagarthóra a bhaint amach in The Spectator ó 1999 go 2005. Toghadh é ina Fheisire ag ionadú Henley in 2001 nuair a chuaigh sé isteach sa Pháirtí Coimeádach agus bhí sé sa scáth-chomh-aireacht faoi cheannasaíocht Michael Howard agus [[David Cameron]] araon. Chloígh sé le gnás an Páirtí Coimeádaí den chuid is mó ach thóg sé seasamh ní ba liobrálaí ar bhealach sóisialta maidir le ceisteanna dála cearta lucht Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach i vótaí na parlaiminte. D’éirigh le Johnson a bheith duine de na polaiteoirí ba mór le rá sa Bhreatain de bharr an méid a bhí sé le feiceáil ar teilifís agus an tóir ar a shaothair scríofa, in irisí agus i leabhair freisin.
 
Roghnaíodh é le bheith an t-iarrthóir Coimeádach sa toghchán méara in 2008, d’éirigh leis an ceann is fearr a bhaint amach ar Ken Livingstone, an sealbhóir oifige as Páirtí an Lucht Oibre, <ref>[http://www.guardian.co.uk/politics/2008/may/03/london08.boris1 www.guardian.co.uk]</ref> agus d’éirigh as a suíochán sa pharlaimint. Le linn a chéad téarma mar mhéara, chuir sé cosc ar chaitheamh alcól ar an gcóras iompair agus rinne sé gaisce ar son na hearnála airgeadais i Londain, agus thug sé isteach busanna nua Routemaster, chomh maith leis an scéim rothair ar cíos agus an carr cábla ar an Tamais. In 2012 toghadh é arís mar mhéara, agus bhuaigh é Livingstone den athuair, agus rinne sé maoirsiú ar Cluichí Oilimpeacha an tsamhraidh le linn a dhara théarma. Toghadh é ina Fheisire mar ionadaí lucht Uxbridge agus South Ruislip, agus d’éirigh sé as a cúram an mhéara an bhliain ina dhiaidh sin. In 2016, ba mhórphearsa é san fheachtas in Vote Leave ar éirigh leis chun an Ríocht Aontaithe a tharraingt siar as [[an Aontas Eorpach]]. Ceapadh é mar Rúnaí Eachtracha faoi cheannasaíocht Phríomhaire [[Theresa May]].