An difríocht idir athruithe ar: "Johannes Scotus Eriugena"

Content deleted Content added
→‎Saol: Fixed typo
clib: Mobile edit Mobile app edit
An chuid "Saothair" curtha leis
Líne 23:
B’Éireannach é Johannes Scotus Eriugena, agus ba in Éirinn a bhfuair sé a chuid oideachais. D’aistrigh sé go dtí '''[[an Fhrainc]]''' (timpeall 845) agus tháinig sé i gceannas ar an '''Acadamh Palaitíneach''' faoi chuireadh an '''Rí Cairilínsigh, Séarlas Maol'''. Tháinig sé i gcomharbacht ar '''Alcuin Eabhraic''' (735-804) mar '''cheannasaí''' '''Scoil an Pháláis'''. Is amhlaidh gur tháinig borradh mór faoin gclú a raibh ar an scoil seo, a bhí tábhachtach mar institiúid san Athbheochan Cairilínseach, faoi cheannasaíocht Ériugena, agus tharla gur thug an Rí cead a chinn don fhealsamh a raibh a chos isteach leis. Ba mháistir scoile é Alcuin seachas fealsamh ach ba scoláire iomráiteach na Gréigise a bhí in Ériugena chomh maith le fealsamh, duine a raibh scil aige a bhí annamh in Iarthar na hEorpa ag an am sin, cé go raibh sé coitianta i measc lucht foghlama sa tréimhse luath i stair na hÉireann agus sa tréimhse Mheánaoiseach in Éirinn chomh maith, mar a léirítear in úsáid an chló Gréigise i lámhscríbhinní Éireannacha sa Mheánaois. D’fhan sé sa Fhrainc ar feadh tríocha bliain ar a laghad agus táimid beagnach dearfach de gurbh sa tréimhse sin a scríobh sé a chuid saothar uile.
[[File:Johannes Scottus Eriugena.jpg|Johannes Scottus Eriugena|thumb]]
Níl mórán eolais againn faoina shaol aosta. Tá scéal amháin ann go bhfuair sé cuireadh ó '''[[Alfred Mór]]''' na Sasana teacht go h'''Oxford''', gur oibrigh sé go dín ansiúd ar feadh blianta fada, gur éirigh leis a bheith ina ab in '''[[Malmesbury]]''', agus ansin go bhfuair sé bás nuair a thug a chuid daltaí bairbín dó lena gcuid stíleas (''styli''). Níl sé soiléir an ceart go léifear brí litriúil nó brí fhíorach sa scéal seo, agus ceapann roinnt scoláirí go bhfuil seans ann gur ar Johannes eile atá sé ag tagairt. Is é is dóichí ná nár fhág sé an Fhrainc riamh, agus ceaptar go bhfuair sé bás in 877, de ghnáth. De réir na fianaise atá ann, ní féidir dearbhaigh arb chléireach nó tuata é, ach meastar gurb chléireach é, agus manach leis sin, b’fhéidir, nuair a chuirtear in áirimh nósanna na haimsire atá i gceist.
 
== Saothair ==
Den chuid is mó, tá a chuid saothar bunaithe ar '''[[Naomh Agaistín]]''', ar an '''mbréag-[[Dinísias]]''', ar '''Maximus an tAdmhaitheoir''', agus ar na '''hAithreacha Capadóiceacha''', agus is saothair '''Nua-Phlatónacha''' iad gan dabht ar bith. D’athnuaigh sé dearcadh '''tharchéimnitheachas''' an Nua-Phlatónachais agus a cur chuige ar a dtugtar “céimlathas grádaithe”. Agus é ag féachaint siar ar shaothar Phlatóin, d’éirigh leis an díospóireacht sin idir an t-ainmníochas agus an réadúlachas.
 
Is é an chéad saothar a bhfuil eolas againn faoi a scríobh sé sa tréimhse seo ná tráchtas ar an Eocairist, ach tá sé sin caillte, faraor. Tá an cuma ar an scéal gur chuir sé an teagasc chun cinn nach raibh san Eocairist ach siombalachas nó cleachtas comórtha, barúil a raibh ag '''Berengar ó Tours''' níos déanaí sa stair agus a cáineadh agus a daoradh é dá bharr. Mar chuid dá phionós aithrí, deirtear go raibh ar Berengarius tráchtas Eriugena a dhó go poiblí. Cé chomh fada is a bhfuil fianaise againn faoi, áfach, ceapadh ag an am gurbh ortadocsach é Eriugena agus cúpla bliain ina dhiaidh roghnaigh '''Hincmar, ardeaspag Rheims''', é chun cosaint a dhéanamh ar '''theagasc shaoirse an toil''' in aghaidh an '''teagaisc réamhchinntiúcháin''' ar mhol an manach '''Gottschalk (Gotteschalchus)'''. Chuaigh slua mór de lucht na hEaglaise in aghaidh tráchtas Gottschalk toisc gur dhiúltaigh sé an luach atá de dhlúth agus d'inneach in oibreacha maithe. Tá an tráchtas '''''De divina praedestinatione''''', a cumadh chun an díospóireacht seo a chur i gcríoch, fós againn, agus is ceaptar gurb mar gheall ar inneachar an tráchtais sin gur cuireadh amhras ar ortadocsacht Ériugena.
 
Ba ar téarmaí spéacláireacha amháin a raibh argóint Eriugena maidir le ceist an réamhchinntiúcháin bunaithe agus tosaíonn sé leis an dearbhú dána gurb ionann an fealsamh agus an reiligiún go bunúsach. Bhí an tslí ina phléann sé ceist an údaráis agus ceist an loighic ní ba shuntasaí ná sin fós. Thairg Eriugena promhadh saoithiúil nach féidir réamhchinniúint a bheith ann ach amháin ar mhaithe leis an maith, toisc gur gairtear de gach duine a bheith ina naomh. Chuaigh '''Drepaius Florus, Canóin Lyons''', agus '''Prudentius''' glan i gcoinne an tráchtas, agus daoradh faoi dhó é i gcomhairlí na hEaglaise: in Valence in 855; agus in Langres in 859. Tugadh tuairisc ar a gcuid argóintí mar ''pulpes Scotorum'' (“leite Éireannach”) agus ''commentum diaboli'' (“fionnachtain an diabhail”) sa chéad chomairle luaite.
 
Chreid Eriugena go bhfrithchaitheann gach aon duine agus gach aon neach gnéithe Dé, go bhfuil gach aon neach ag teannadh ar na gnéithe sin a bhaint amach, agus go bhfuil sé i ndán dóibh go mbainfidís amach iad i ndeireadh na dála. Chreid Eriugena in '''''apocatastasis''''' (nó an athmhuintearas uilíoch), teoiric a deir go dtaga an cruinne faoi thiarnas Dé den athuair, i bhfad na haimsire.  
 
[[Úsáideoir:E Mac Gearailt|E Mac Gearailt]] ([[Plé úsáideora:E Mac Gearailt|plé]])