An difríocht idir athruithe ar: "Johannes Scotus Eriugena"

Content deleted Content added
m pictiúr d'Alfred Mór curtha leis
m pictiúr curtha leis
Líne 27:
 
== Saothair ==
[[File:Tombeau_d%27hincmar_détruit_en_1793_l%27Eglise_investi_l%27evek_couronnmt_à_droite.jpg |Cónra Ardeaspaig Hincmar in Ardeaglais Rheims - |thumb]]
Den chuid is mó, tá a chuid saothar bunaithe ar '''[[Naomh Agaistín]]''', ar an '''mbréag-[[Dinísias]]''', ar '''Maximus an tAdmhaitheoir''', agus ar na '''hAithreacha Capadóiceacha''', agus is saothair '''Nua-Phlatónacha''' iad gan dabht ar bith. D’athnuaigh sé dearcadh '''tharchéimnitheachas''' an Nua-Phlatónachais agus a cur chuige ar a dtugtar “céimlathas grádaithe”. Agus é ag féachaint siar ar shaothar Phlatóin, d’éirigh leis an díospóireacht sin idir an t-ainmníochas agus an réadúlachas.[[File:Johannes Scottus Eriugena.jpg|Johannes Scottus Eriugena|thumb]]Is é an chéad saothar a bhfuil eolas againn faoi a scríobh sé sa tréimhse seo ná tráchtas ar an Eocairist, ach tá sé sin caillte, faraor. Tá an cuma ar an scéal gur chuir sé an teagasc chun cinn nach raibh san Eocairist ach siombalachas nó cleachtas comórtha, barúil a raibh ag '''Berengar ó Tours''' níos déanaí sa stair agus a cáineadh agus a daoradh é dá bharr. Mar chuid dá phionós aithrí, deirtear go raibh ar Berengarius tráchtas Eriugena a dhó go poiblí. Cé chomh fada is a bhfuil fianaise againn faoi, áfach, ceapadh ag an am gurbh ortadocsach é Eriugena agus cúpla bliain ina dhiaidh roghnaigh '''Hincmar, ardeaspag Rheims''', é chun cosaint a dhéanamh ar '''theagasc shaoirse an toil''' in aghaidh an '''teagaisc réamhchinntiúcháin''' ar mhol an manach '''Gottschalk (Gotteschalchus)'''. Chuaigh slua mór de lucht na hEaglaise in aghaidh tráchtas Gottschalk toisc gur dhiúltaigh sé an luach atá de dhlúth agus d'inneach in oibreacha maithe. Tá an tráchtas '''''De divina praedestinatione''''', a cumadh chun an díospóireacht seo a chur i gcríoch, fós againn, agus is ceaptar gurb mar gheall ar inneachar an tráchtais sin gur cuireadh amhras ar ortadocsacht Ériugena.