An difríocht idir athruithe ar: "Johannes Scotus Eriugena"

Content deleted Content added
m pictiúr curtha leis
→‎Saothair: Fixed typo, chuir mé dhá fhocal isteach a raibh de dhíth
clib: Mobile edit Mobile app edit
Líne 28:
== Saothair ==
[[File:Tombeau_d%27hincmar_détruit_en_1793_l%27Eglise_investi_l%27evek_couronnmt_à_droite.jpg |Cónra Ardeaspaig Hincmar in Ardeaglais Rheims - |thumb]]
Den chuid is mó, tá a chuid saothar bunaithe ar '''[[Naomh Agaistín]]''', ar an '''mbréag-[[Dinísias]]''', ar '''Maximus an tAdmhaitheoir''', agus ar na '''hAithreacha Capadóiceacha''', agus is saothair '''Nua-Phlatónacha''' iad gan dabht ar bith. D’athnuaigh sé dearcadh '''tharchéimnitheachas''' an Nua-Phlatónachais agus a cur chuige ar a dtugtar “céimlathas grádaithe”. Agus é ag féachaint siar ar shaothar Phlatóin, d’éirigh leis an díospóireacht sin idir an t-ainmníochas agus an réadúlachas a athbheochan.[[File:Johannes Scottus Eriugena.jpg|Johannes Scottus Eriugena|thumb]]Is é an chéad saothar a bhfuil eolas againn faoi a scríobh sé sa tréimhse seo ná tráchtas ar an Eocairist, ach tá sé sin caillte, faraor. Tá an cuma ar an scéal gur chuir sé an teagasc chun cinn nach raibh san Eocairist ach siombalachas nó cleachtas comórtha, barúil a raibh ag '''Berengar ó Tours''' níos déanaí sa stair agus a cáineadh agus a daoradh é dá bharr. Mar chuid dá phionós aithrí, deirtear go raibh ar Berengarius tráchtas Eriugena a dhó go poiblí. Cé chomh fada is a bhfuil fianaise againn faoi, áfach, ceapadh ag an am gurbh ortadocsach é Eriugena agus cúpla bliain ina dhiaidh roghnaigh '''Hincmar, ardeaspag Rheims''', é chun cosaint a dhéanamh ar '''theagasc shaoirse an toil''' in aghaidh an '''teagaisc réamhchinntiúcháin''' ar mhol an manach '''Gottschalk (Gotteschalchus)'''. Chuaigh slua mór de lucht na hEaglaise in aghaidh tráchtas Gottschalk toisc gur dhiúltaigh sé an luach atá de dhlúth agus d'inneach in oibreacha maithe. Tá an tráchtas '''''De divina praedestinatione''''', a cumadh chun an díospóireacht seo a chur i gcríoch, fós againn, agus is ceaptar gurb mar gheall ar inneachar an tráchtais sin gur cuireadh amhras ar ortadocsacht Ériugena.
 
Ba ar téarmaí spéacláireacha amháin a raibh argóint Eriugena maidir le ceist an réamhchinntiúcháin bunaithe agus tosaíonn sé leis an dearbhú dána gurb ionann an fealsamh agus an reiligiún go bunúsach. Bhí an tslí ina phléann sé ceist an údaráis agus ceist an loighic ní ba shuntasaí ná sin fós. Thairg Eriugena promhadh saoithiúil nach féidir réamhchinniúint a bheith ann ach amháin ar mhaithe leis an maith, toisc gur gairtear de gach duine a bheith ina naomh. Chuaigh '''Drepaius Florus, Canóin Lyons''', agus '''Prudentius''' glan i gcoinne an tráchtas, agus daoradh faoi dhó é i gcomhairlí na hEaglaise: in Valence in 855; agus in Langres in 859. Tugadh tuairisc ar a gcuid argóintí mar ''pulpes Scotorum'' (“leite Éireannach”) agus ''commentum diaboli'' (“fionnachtain an diabhail”) sa chéad chomairle luaite.