An difríocht idir athruithe ar: "An tSeapáinis"

No change in size ,  3 bliana ó shin
m
no edit summary
m
m
Tá an tSeapáinis ag corradh is 127 milliún duine. An chuid is mó acu, tá cónaí orthu sa t[[an tSeapáin|Seapáin]] féin, ach tá pobail Sheapánacha le fáil taobh amuigh den tír dhúchais féin, go háirithe i dtíortha móra an [[Béarla|Bhéarla]], ar nós na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stát Aontaithe]].
 
Cosúil le go leor teangacha eile san [[ Áise Thoir]], tá foirmeacha speisialta gramadaí sa tSeapáinis le hurraim is le honóir a léiriú nó leis na céimeanna sóisialta a aithint thar a chéile. Tá córas tuiníoch dá cuid féin sa tSeapáinis a úsáidtear le focail éagsúla a idirdhealú, ach ní féidir a rá gur [[teanga (cumarsáid)|teanga]] thuiníoch cosúil leis an t[[Sínis]] a bheadh ann. Tá an tSeapáinis réasúnta gann sna [[fóinéim]]í, agus níl sé ceadaithe consain a chur in aice le chéile ach amháin taobh istigh den fhocal, agus ar an acht go bhfuil an fhóinéim /n/ ar ceann de na consain atá i gceist. Mar shampla, déantar ''maikuro-erekutoronikusu'' den fhocal Béarla "micro-electronics" (micrileictreonaic) i mbéal an tSeapánaigh. Níl an fhóinéim /l/ sa tSeapáinis - sórt [r] aon bhuaille a úsáidtear ina háit.
 
Baintear úsáid as ceithre mhodh scríbhneoireachta le Seapáinis a scríobh: [[Kanji]], [[Hiragana]], [[Katakana]] agus [[Rōmaji]]. Is iad na litreacha [[An tSín|Síneacha]] atá i gceist le Kanji: litreacha idéagrafacha is ea iad, ós rud é go gcuireann gach litir acu idé iomlán - coincheap nó focal - in iúl. Maidir le Katakana agus Hiragana, is aibítreacha siollabacha iad, is é sin, freagraíonn gach litir d'aon siolla amháin. Le focail iasachta ó na teangacha Iartharacha a bhreacadh síos is mó a úsáidtear an córas Katakana. Na focail dhúchasacha Sheapanacha, arís, is gnách Hiragana a chur i bhfeidhm orthusan. Tá an dá aibítir seo féin bunaithe ar na litreacha Síneacha i dtús báire. Na [[Aibítir Laidineach|litreacha Laidineacha]] atá i gceist le Rōmaji, ar ndóigh. Níl sé as an ngnáth téacs Seapáinise a fheiceáil a bhaineann úsáid as an gceithre chóras.
13,273

edits