An difríocht idir athruithe ar: "Seosamh Mac Grianna"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 16:
| líonláithreán =
}}
[[Scríbhneoir]] [[Gaeilge]] ó [[Rinn na Feirste]] s[[na Rosa]] i n[[An Ghaeltacht|Gaeltacht]] Thír Chonaill]] ab ea é '''Seosamh Mac Grianna''' ([[1901]]-[[1990]]). Áirítear ar chlasaicigh nua-aimseartha na [[Litríocht na Gaeilge|litríochta Gaeilge]] é.
 
== Saol ==
Deartháir do [[Séamus Ó Grianna|Shéamus Ó Grianna]] ab ea é Seosamh, nó ''Joe Fheidhlimí Dhónaill Phroinsiais'', mar a thugadh muintir Rinn na Feirste air. Éan corr a bhí ann ó thús, mar Sheosamh, agus ní dheachaigh sé riamh ag obair ar an Lagán ná go hAlbain, mar ba dual d'aos óg Thír Chonaill a dhéanamh. Ghlac sé páirt sa Chogadh Cathartha in éineacht lena dheartháir, agus chaith an bheirt acu an bhliain go leith roimh dheireadh an chogaidh imtheorannaithe ag an Saorstát.
 
Chaith Seosamh a sheal féin ag [[Aistriúchán|aistritheoireacht]] don [[An Gúm|Ghúm]], agus déanta na fírinne rinne sé a lán aistriúchán a thabhaigh clú is cáil dó, go háirithe an Ghaeilge a chuir sé ar ''Ivanhoe'' le [[Walter Scott]]. Mar sin féin, bhí sé míshásta leis an bpá a fuair sé ón nGúm, agus níos míshásta fós leis an dóigh ar chaith an Gúm lena chuid bunscríbhinní. Siúd is go raibh an t-[[úrscéal]] ''An Druma Mór'' críochnaithe aige sna [[1930idí|tríochaidí]], níor tháinig sé i gcló roimh na [[1960idí|seascaidí]].
 
Chuaigh an cruatan go mór mór chun dochair dó, go háirithe ó thaobh na sláinte sící de. Sa bhliain [[1935]], agus é díreach ag scríobh úrscéil faoi shaol polaitiúil na hÉireann, buaileadh le síocóis dhúlagrach é a d'fhág ina chreapaltán é ó thaobh na haigne de, ar feadh a raibh fágtha de shaol aige. D'éist sé an obair scríbhneoireachta, agus baisteadh ''Dá mBíodh Ruball ar an Éan'' (is é sin, "dá mbeadh eireaball ar an éan", de réir an Chaighdeáin) ar an úrscéal neamhchríochnaithe. Go gairid roimh a bhás, thug an scríbhneoir le fios go raibh "ruball curtha ar an éan" aige, agus ó na laethanta sin ar aghaidh bíonn an cheist i mbéal an phobail, ar fhág Seosamh aon lámhscríbhinn ina dhiaidh a mbeadh deireadh an scéil inti. Sa bhliain 2005, d'fhoilsigh Antain Mac Lochlainn úrscéal dá chuid féin, ''Ruball an Éin'', leis an scéal a tosaíodh i leabhar Sheosaimh a chríochnú.