An difríocht idir athruithe ar: "An Laidin"

Content deleted Content added
m Catagóir:Teangacha Rómánsacha
mNo edit summary
Líne 16:
== Tréithe ==
 
Teanga tháite nó infhillte is ea í an Laidin. Cuirtear iarmhíreanna le tamhain na bhfocal chun inscne, uimhir agus tuiseal a chur in iúl sna haidiachtaí, na hainmfhocail agus na forainmneacha. Tá cúig [[díochlaonadh|dhíochlaonadh]] ag na hainmfhocail, agus ceithre réimniú ag na briathra.
 
Is iad sé thuiseal na n-ainmfhocal ná:
Líne 27:
# [[tuiseal gairmeach|gairmeach]] (a úsáidtear nuair atáthar ag cur ceiliúir nó forráin ar dhuine nó ar rud).
 
Ina theannta sin, tá [[tuiseal áitreabhach]] ag roinnt ainmfhocal a úsáidtear lena léiriú cá bhfuil an duine nó an rud suite. In áit an tuisil seo, áfach, is gnách dul i dtuilleamaí réamhfhocail éigin, ar nós ''in'', a éilíonn go n-úsáidfear an tuiseal ochslaíoch ar a lorg. Iarsma seanársa ón bprótatheanga Ind-Eorpach is ea é an t-áitreabhach, agus ní féidir, de ghnáth, ach logainmneacha a dhíochlaonadh san áitreabhach. Fiú i laethanta na Laidine Clasaicí, bhí daoine ann nach mbacfadh leis an áitreabhach ar aon nós, an tImpire [[Ágastas]], mar shampla, agus iad ag scríobh ''in Rōmā'' (in áit ''Rōmae'') = sa Róimh.
 
=== Forbairt stairiúil na Laidine ===
 
Ceann de na teangacha Iodálda is ea í an Laidin, agus í á scríobh leis an aibítir Laidineach, atá bunaithe ar an aibítir Shean-Iodálda. As an aibítir Ghréagach a d'eascair an aibítir sin. Creidtear gur tháinig an Laidin, nó an chanúint Iodálda, go dtí Latium thart ar ocht nó naoi gcéad bliain roimh bhreith Chríost. Aduaidh a tháinig lucht labhartha na Laidine, agus mar sin, d'fhág na teangacha Ceilteacha agus an Eatrúiscis - seanteanga neamh-Ind-Eorpach na hIodáile - a sliocht ar an Laidin is sine dá bhfuil ann.
 
Scríobhadh an chuid is tábhachtaí de litríocht na Laidine sa teanga shaorga ealaíonta ar a dtugtar an Laidin Chlasaiceach. B'iad an dá chéad bliain timpeall ar bhreith Chríost ré órga na Laidine Clasaicí. San am céanna, bhí an chosmhuintir ag labhairt gnáthchaint Laidine, a bhí sách difriúil leis an teanga Chlasaiceach ó thaobh na gramadaí agus an stór focal de.