An difríocht idir athruithe ar: "An tAontas Sóivéadach"

Content deleted Content added
Ag baint Lenin_portrait.jpg amach, scrios Jcb é ón Chómhaoin mar: per c:Commons:Deletion requests/Files in Category:Pyotr Otsup
mNo edit summary
Líne 20:
|ainmneacha_na_gceannairí= <br/> [[Iósaf Stailín]] (1922-1952) (An Chéad) <br/> [[Míchail Gorbaitsov]] (1985-1991) (Deireanach)
|fonótaí=}}
Stát [[Cumannachas|cumannach]] ab ea é '''Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha''', nó ''An tAontas Sóivéadach'' ([[An Rúisis|Rúisis]]: ''Союз Советских Социалистических Республик/Soyuz Sovetskikh Sotsialisticheskikh Respublik'') agus é suite san [[An Eoráise|Eoráise]], a mhair ón mbliain [[1922]] go dtí an bhliain [[1991]]. Ón mbliain [[1945]] go lá a scoir, bhí an tAontas Sóivéadach ina mhórchumhacht dhomhanda nach raibh ach na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]] inchomórtais léi, agus bhí an dá thír seo [[cogadh Fuar|ag déanamh téisclim chogaidh]] in aghaidh a chéile an chuid ba mhó den am i ndiaidh an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Cogadh Domhanda]].
 
== Achoimre ==
Líne 51:
=== An Cogadh Cathartha ===
 
Ní raibh gach duine sa Rúis sásta an chumhacht a fhágáil ag lucht leanúna Léinín, áfach, agus phléasc cogadh fuilteach cathartha amach i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair. D'éirigh leis na Boilséivigh an cogadh a bhuachan le lámh láidir, agus iad go mór i dtuilleamaí cineál colúin reatha - an ''Cheka'' (giorrúchán is ea é an t-ainm seo a sheasann do na focail Rúisise ''чрезвычайная комиссия/Chrezvychaynaya Komissiya'', is é sin, an Coimisiún Neamhghnách - nó "Coimisiún Neamhghnách uile-Rúiseach na Troda in aghaidh na Frithréabhlóide agus na Sabaitéireachta", leis an ainm iomlán Rúisise a aistriú go Gaeilge).
 
Mar chuid den chogaíocht a thosaigh i ndiaidh do na Boilséivigh an chumhacht a fhorghabháil, d'éirigh ina chath idir an Rúis Bhoilséiveach agus an Pholainn, a bhí díreach ag baint amach a neamhspleáchais. D'éirigh leis na Polannaigh, fiú, [[Cív]], príomhchathair na hÚcráine, a shealbhú agus a choinneáil ar feadh tamaill, ach sa deireadh, b'éigean dóibh an chathair a thréigean agus tarraingt ar ais go dtí an Pholainn. Bhí [[An Marcshlua Dearg|marcshlua an Airm Dheirg]] faoi cheannas an Mharascail [[Semyon Budyonnyi]] in ann Vársá féin a bhagairt, ach stop na fórsaí Polannacha iad go gairid roimhe sin, i Mí Lúnasa 1920, agus chuir ruaigeadh orthu. Nuair a síníodh an conradh síochána i Rīga, príomhchathair na Laitvia, i dtús na bliana 1921, fágadh iarthar na hÚcráine agus na Bealarúise ag na Polannaigh. Faoin gcogadh seo, dála an scéil, a scríobh an scríbhneoir clúiteach Sóivéadach [[Isaak Babel]] a phríomhshaothar, an díolaim gearrscéalta úd ''Конармия/Konarmiya'' ("An Marcshlua").
Líne 57:
=== Aon Pháirtí Amháin ===
 
Rialtas aon pháirtí amháin ab ea é rialtas na mBoilséiveach san Aontas Sóivéadach ón chéad tús. Go gairid i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair, bhí siad ag comhoibriú le heite chlé an Pháirtí Shóisialaigh Réabhlóidigh, ach nuair a chonaic na Sóisialaigh Réabhlóideacha, páirtí a raibh tacaíocht na sluaite móra leis ar dtús, an dóigh chiniciúil a raibh na Boilséivigh ag cur na bpáirtithe eile faoi chois, rinne daoine den pháirtí iarracht Léinín a chur as cumhacht le lámh láidir i Samhradh na bliana [[1918]]. Cloíodh an cheannairc go cruálach, agus nuair a scaoil Fanny Kaplan dhá urchar le Léinín ar an 30ú lá de Mhí Lúnasa [[1918]], coisceadh an páirtí scun scan, agus caitheadh na baill ar fad i dtóin phríosúin. Mar sin, nuair a fógraíodh an tAontas Sóivéadach go hoifigiúil, ní raibh baill d'aon pháirtí polaitiúil eile ach na Boilséivigh ar an rialtas le fada an lá.
 
=== Ó Chogadh go Síocháin ===