An difríocht idir athruithe ar: "Víreas"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
mNo edit summary
Líne 28:
Ó thaobh na foirme de, tá ceithre chineál víreasanna ann: na cinn héiliciúla, na cinn icisihéadrúla, na cinn imchlúdaithe agus na cinn choimpléascacha.
 
* Is iad na ''víreasanna héiliciúla'' an tíopa is simplí acu ar fad. Níl i vírión den saghas héiliciúil go bunúsach ach héilics - cosúil le "staighre bíseach" - atá casta thart timpeall ar an aigéad núicléasach mar a bheadh píopa ann. Tá na vírióin ag breathnú cosúil le maidí, mar sin, agus má tá siad fada, ní mór dóibh bheith inaclaithe freisin, le nach mbrisfidís faoi bhrú na n-imthoscaí. Víreas héiliciúil is ea é an víreas mósaíceach tobac, mar shampla, ar chuir na chéad víreaseolaithe an oiread sin spéise ann.
 
* Na ''víreasanna icisihéadrúla'', shílfeá ar dtús go bhfuil siad sféarúil - cosúil le liathróid - ina gcosúlacht, ach le fírinne, tá siad níos cosúla le liathróid sacair: fuaitear an liathróid sacair le chéile as píosaí beaga leathair a bhfuil an déanamh céimseatach céanna orthu ar fad, agus sin é an chuma atá ar thaobh amuigh an víris icisihéadrúil freisin. Freagraíonn na "píosaí leathair" do na caipsiméirí, sórt plátaí próitéine a théann le chéile le caipsídeach a dhéanamh.
 
* Maidir leis na ''víreasanna imchlúdaithe'', tá imchlúdach lipide ina dtimpeall - is é sin, taobh amuigh den chaipsídeach féin - atá cosúil le cillscannán. Cillscannán atá ann dáiríre, agus é "goidte" ón gcill óstaigh inar táirgíodh an vírión. An gléas próitéine atá riachtanach leis an scannán a ghoid, áfach, is cuid d'oideas an víris féin é. Cuidíonn an cillscannán seo leis an vírión cill nua a ionfhabhtú, ós rud é nach n-aithníonn córas cosanta na cille gur namhaid atá i gceist. Víreas imchlúdaithe is ea é an VEID, an víreas easnaimh imdhíonachta daonna, arb é iompróir an tsiondróim easnaimh imdhíonachta fhaighte ([[SEIF]]) é.
 
* Na ''víreasanna coimpléascacha'', arís, is víreasanna iad a bhfuil struchtúr níos casta acu, agus saintréithe an chéad dá ghrúpa ag baint leo. Creidtear, mar shampla, go bhfuil bacáin ag baictéarafagaigh áirithe a chuireann ar a gcumas greamú de dhromchla an bhaictéir. Ansin, steallann siad an t-aigéad núicléasach isteach sa bhaictéar.
Líne 40:
 
== Ábhar Géiniteach ==
Bíonn an dá chineál [[aigéad núicléasach]] - idir [[aigéad dí-ocsairibeanúicléasach]] (ADN, nó DNA as [[Béarla]]) agus [[aigéad ribeanúicléasach]] (ARN, nó RNA as Béarla) - ar fáil i ríocht na víreasanna, cé nach mbíonn ach aon chineál amháin in aon víreas amháin. Ceann de na heisceachtaí is ea é [[citimeiglivíreas]] an duine, a bhfuil idir aigéad dí-ocsairibeanúicléasach ann, mar chroíleacan, agus aigéad ribeanúicléasach a dhéanann gnó an teachtaire ([[teachtaire ARN]]). Is féidir nach bhfuil ach aon dual amháin in aigéad núicléasach an víris, ach is féidir dó freisin go bhfuil dhá dhual ann. An cineál aigéad núicléasach atá i víreas áirithe, tá sé ag brath ar an gcineál víreas atá ann, ach is é an DNA dédhualach a bhíonn sna baictéarafagaigh de ghnáth, agus is é an tARN aondualach a bhíonn i víreasanna na bplandaí.
 
Maidir leis an oiread ábhair agus atá sa ghéanóm, bíonn sé sách éagsúil freisin. Na víreasanna is simplí, ní bhíonn siad ach milliún [[daltún (aonad)|daltún]] ar meáchan, agus níl iontu ach oideas ceithre chineál próitéine. Na cinn is mó, tá a ngéanóm céad uair níos troime ná sin, agus iad ábalta níos mó ná céad próitéin éagsúla a tháirgiú. Bíonn [[núicléitíd]]í neamhghnácha in aigéid núicléasacha na víreasanna uaireanta. Mar shampla, tá víreasanna ann a bhfuil hiodrocsaimeitilcíotóisín iontu in áit na [[cíotóisín]]e.