An difríocht idir athruithe ar: "Hidrigin"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link GA template (handled by wikidata)
m "is ea" gan "é/í/iad" nuair a leanas ainmfhocal cinnte mar ainmní
Líne 9:
|Íomhá=H-TableImage.png
}}
[[Dúil cheimiceach]] neamh-mhiotalach is ea í an '''hidrigin''' ([[Laidin]]: hydrogenium, ó [[Gréigis|Ghréigis]]: ''hydro'': uisce, ''genes'': ag cumadh, ag '''gin'''eadh, ag cruthú). Is í an hidrigin an dúil is éadroime amuigh, is é '''"H"''' an tsiombail atá aici, agus is é a haon (1) an [[uimhir adamhach]] atá aici. Tá sí ina gás leis an ngnáth-theocht. Ó tá sí chomh héadrom, bhítí á húsáid sna héadromáin, ach ós rud é go bhfuil sí iontach so-adhainte, is iomaí timpiste a tharraing sí.
 
Níl dath sa hidrigin ná boladh aisti.
 
== Iseatóip ==
Níl ach aon [[prótón|phrótón]] amháin sa [[Núicléas adamhach|núicléas]] ag an ngnáth-hidrigin, nó an [[próitiam]]. Ach, tá dhá [[iseatóp]] eile ag an hidrigin, mar atá, an [[deoitéiriam]] agus an [[tritiam]]. Tá prótón amháin agus [[neodrón]] amháin ag an deoitéiriam, agus tá prótón amháin agus dhá neodrón ag an tritiam. Comhdhéanann deoitéiriam 0.015% den hidrigin nádúrtha. Iseatóp radaighníomhach is ea é an tritiam, agus é an-annamh le fáil sa dúlra. Nuair a thagann meath radaighníomhach air, astaíonn sé béite-cháithnín (leictreon) agus é ag déanamh héiliam (³He, an t-iseatóp is éadroime den héiliam atá ar fáil sa dúlra). Tá an tritiam dhá bhliain déag agus thart ar cheithre mí ar leathré.
 
[[Íomhá:Electron shell 001 Hydrogen.svg|deas|200px|thumb|Hidrigin]]
Líne 39:
== Adamh na Hidrigine ==
 
Is féidir leibhéil fhuinnimh an adaimh hidrigine a oibriú amach sách cruinn de réir shamhail [[Niels Bohr|Bohr]] den adamh, is é sin, an tsamhail ina nglactar leis go bhfuil an leictreon ag timpeallú an núicléis ar an dóigh chéanna a bhfuil na [[Pláinéad|pláinéid]] ag timpeallú na [[An Ghrian|Gréine]]. Ní hionann an dá chás go hiomlán, áfach. Is í an [[imtharraingt]] an cineál fórsa a choinníonn na pláinéid ó éalú, ach is é an t-aomadh leictreamaighnéadach atá ag gníomhú idir an núicléas agus an leictreon. Deir meicníocht an chandaim go bhfuil an fuinneamh dealaithe ina phaicéid bheaga - ina chandaim - rud a chiallaíonn, sa tsamhail seo den adamh, nach féidir leis an leictreon an núicléas a thimpeallú ach ag fithisí áirithe, agus fad áirithe idir an leictreon agus an núicléas. Má théimid i dtuilleamaí na samhlach candam-mheicniúla den adamh, beidh muid ag baint úsáid as [[tonnchothromóid Schrödinger]]. Is é an rud atá ann ná [[cothromóid dhifreálach]]([[cothromóid]] nach féidir a fhuascailt gan dul i muinín an [[Calcalas|chalcalais]]) a thugann dlús [[Dóchúlacht|dóchúlachta]] an leictreoin timpeall an núicléis. Cáilíocht is ea é an dlús dóchúlachta a thaispeánann cé chomh dóchúil atá sé an leictreon a fháil i bpointe áirithe i dtimpeallacht a núicléis. Má chaitear leis an leictreon mar seo, - is é sin, mar a bheadh [[tonn dhamhnach]] ann -, gheofar torthaí matamaiticiúla atá ag teacht leis na luachanna tomhaiste, níos cruinne ná na luachanna a thugann samhail Bohr den adamh.
 
== Ceimic na hidrigine ==