An difríocht idir athruithe ar: "An Eabhrais"

Content deleted Content added
mNo edit summary
m "is ea" gan "é/í/iad" nuair a leanas ainmfhocal cinnte mar ainmní
Líne 17:
Tá gaol cuíosach dlúth ag an Eabhrais leis an [[An Araibis|Araibis]]. B'í an Fhéinícis an teanga ba ghaolmhaire léi ar dtús. Áirítear, fiú, nach raibh mórán difríochta ann idir canúint thuaisceartach na hEabhraise agus an Fhéinícis. (Bhí na Féinícigh ina gcónaí an áit a bhfuil [[an Liobáin]] inniu, ó thuaidh ó Iosrael féin. Thabhaigh siad an-chlú i laethanta na sean-Ghréige is na sean-Róimhe mar mhairnéalaigh is mar lucht trádála. B'iad a bhunaigh an Chartaig, an cathair-stát a bhí mar namhaid ag na Rómhánaigh, agus teanga ghaolmhar á labhairt ag muintir an stáit sin.) As canúint Dheisceartach na hEabhraise a fáisceadh teanga an tsean Tiomna. Tá sí ag baint le hEabhrais labhartha na mblianta ón dara céad déag go dtí an dara céad roimh bhreith Chríost. Tá teacht ar théacsanna is lámhscríbhinní is sine ná [[an Bíobla]], áfach, ach ní cuid iad de chanóin liteartha na hEabhraise.
 
Is ann do scríbhinní canónta eile ins an teanga seachas an Bíobla, áfach. Is é is [[Talmud]] ann ná leabhar (nó leabharlann, agus an téagar atá ann mar "Talmud") éigse shaolta na nGiúdach, agus é níos úire ná an Bíobla. Dá réir sin, is furasta difríochtaí a thabhairt faoi deara idir Eabhrais an "Talmud" agus teanga an Bhíobla. ''Misneá'' a thugann na Giúdaigh ar an gcuid lárnach den Talmud. Go bunúsach, níl sa chuid eile den Talmud ach tráchtaireacht agus míniúcháin ar an Misneá, nó fiú tráchtaireacht ar an tráchtaireacht féin. Is í Eabhrais an Mhisneá an teanga a labhraítí sna ceithre haois thart timpeall ar bhreith Chríost. Ag an am sin bhí an [[An Aramais|Aramais]] ag teacht in áit na hEabhraise mar theanga labhartha - b'í an Aramais a bhí ó dhúchas ag [[Íosa Críost]], mar dhuine daonna - agus a sliocht le haithint ar Eabhrais an "Talmud". (Teanga Sheimíteach is ea í an Aramais, agus gaol réasúnta dlúth aici, mar sin, leis an Eabhrais. Sular tháinig an Araibis i réim sa Mheán Oirthear, b'í an Aramais a bhí ina teanga comhchumarsáide idir na ciníocha uilig a chleachtaíodh teanga nó canúint Sheimíteach. Is féidir, mar shampla, teacht ar scríbhinní greanta sa teanga seo san Araib féin, agus a lorg orthu gurbh í an Araibis a bhí ó dhúchas ag lucht a scríofa.) De réir a chéile, chuaigh an Eabhrais in éag mar theanga labhartha i measc na nGiúdach, fiú sular ruaigeadh as a dtír dúchais iad. Mhair lucht an léinn ag scríobh as Eabhrais, áfach, agus chuir siad caol orthu na sean-lámhscríbhinní a chaomhnú agus a choinneáil i dtaisce.
 
Ní raibh an Eabhrais ach ina teanga scríofa léannta sna Meánaoiseanna, ach bhí ceannairí suntasacha is cultúrtha ag na Giúdaigh agus spreagadh ag teacht uathu leis an teanga a shaothrú. Duine acu siúd ab ea é Sáidia Gáón (898-942) sa Bhablóin, mar shampla. Bhí filíocht Eabhraise á scríobh ins an Spáinn go dtí gur díbríodh na Giúdaigh as an tír sin sa dara haois déag.
Líne 24:
 
== Athbheochan na hEabhraise ==
B'é [[Moses Mendelssohn]] (1729-86) a raibh cónaí air i mBeirlín a chuir bun le [[Haskalah|Hascalah]]. Fear mór léinn a bhí ann a raibh ardmheas air ag na Críostaithe féin, agus b'eisean ba bhunchuspa don laoch sa dráma cáiliúil leis an scríbhneoir Ghearmánach [[Gotthold Ephraim Lessing]], Nathan der Weise ("Natan Críonna"). Ba bheag rath a bhí ar iarracht Mhendelssohn teanga na hEabhraise a athbheochan, ar dtús, ós rud é go raibh Giúdaigh na Gearmáine ag an am sin ag éirí go géar gasta as meon an gheiteo agus ag dul isteach i saol agus i sochaí na nGearmánach. Ní raibh suim acu in athbheochan an tsainchultúir Ghiúdaigh, ná na seanteanga ach an oiread, agus an Ghearmáinis ag teastáil uathu i bhfad ní ba ghéire. B'in Oirthear na hEorpa a fuair bun-smaointiú Hascala an chuid ba mhó de lucht a thacaíochta, áit a raibh an Ghiúdais ina gnáthurlabhra pobail ag na Giúdaigh, agus iad ina gcónaí sna geiteonna go fóill. (Sean-chanúint Gearmáinise is ea í an Ghiúdais, agus í tar éis glacadh lena lán focal agus foirmeacha ón Eabhrais agus ó theangacha Slavacha Oirthear na hEorpa - ón Pholainnis agus ón Rúisis thar aon cheann eile.)
 
B'é Mendel Abramowicz, nó [[Mendele Moicher Sfóirim]] (1835-1917) an chéad scríbhneoir a rinn iarracht dháiríre leas a bhaint as an Eabhrais chun tuairisc a thabhairt ar ghnáthshaol na nGiúdach sa gheiteo. An modh oibre a bhí aige ná gur chruinnigh sé focail is abairtí as na scríbhinní difriúla Eabhraise - idir Bhíobla agus "Talmud" mar shampla - le stíleanna éagsúla na Giúdaise a athchruthú sa Eabhrais.
Líne 63:
B'iad Ester Raab (1894-1981) agus S. Yizhar na chéad chainteoirí dúchais a chuaigh i mbun scríbhneoireachta in Iosrael féin.
 
Rugadh "S. Yizhar", nó Yizhar Smilansky sa bhliain 1916 i Rehovot na Palaistíne. Inimirceánaigh ón Rúis ab ea iad a mhuintir. Ghlac sé páirt i gCogadh Neamhspleáchais Iosrael sa bhliain 1948; bhain sé amach dintiúirí an mhúinteora agus dochtúireacht na fealsúnachta ón Ollscoil Eabhraigh chomh maith. Bíonn sé ag scríobh faoi shaol na gceannródaithe sna kibbutzanna agus ar na feirmeacha, agus is léir nach ndearna sé aon dearmad dá thaithí cogaíochta féin ach oiread ag lorg ábhair dá chuid scríbhinní. Cur síos ar na carachtairí agus grá do nádúr Iosrael is ea iad an dá bhua mhóra atá aige. Is é an t-úrscéal ''Laethanta Ziklag'' saothar mór éipiciúil a shaoil, agus é ag tarraingt fresco de cheannródaíocht an tSiónachais ar chanbhás leathan.
 
"Iosraelachas" ab ea é manadh S.Yizhar, nó rinne sé iarracht cur síos a dhéanamh ar nádúr is ar mhuintir Iosrael thar aon rud eile. B'éigean dó a theanga féin a chumadh is a chruthú chuige seo, agus sin le haithint ar a stíl chasta.
Líne 69:
B'é spiorad comhair an mhíntíreachais crann taca na litríochta i mblianta tosaigh Iosrael. Mar shampla, rinne Moshe Shamir (1921- ) móradh is ardmholadh ar na Sábraigh - is é sin, na Giúdaigh a rugadh in Iosrael agus an Eabhrais ó dhúchas acu - ina chuid leabhar a bhfuil blas na léitheoireachta éadroime orthu, nó is scéinséirí iad go bunúsach. Ba ghnách leis a íomhá féin den tSábrach a chur i gcomparáid lena shamhail den Aisceanásach (is iad lucht labhartha na Giúdaise ó Oirthear na hEorpa na hAisceanásaigh): is é an Sábrach fear láidir an ghnímh, agus é ag cur rudaí i gcrích nuair nach bhfuil an tAisceanásach ach ag domhain-smaointeoireacht is ag glagaireacht agus pus nó lionndubh air. B'é an Sábrach an Giúdach úr cumhachtach, b'eisean todhchaí na nGiúdach, nuair nach raibh ins na hAisceanásaigh ach iarsmaí an gheiteo is fuíoll na géarleanúna. Is féidir a léamh air seo go raibh coimhlintí áithride sainleasa ag éirí idir lucht na hinimirce (aliya) agus na Sábraigh ag an am.
 
Tháinig glúin nua scríbhneoirí ar an bhfód tar éis na díograise tosaigh seo, agus iad ag dul in anuabhar ar chlichéanna an chomhair is na comhoibre is an chom-hGhiúdachais seo. Sampla is ea é Pinhas Sadeh.
 
I Lwów na Polainne (inniu: Lviv na hÚcráine) a tháinig Pinhas Sadeh ar an saol, agus ní raibh sé ach cúig bliana d'aois nuair a thug a mhuintir leo go hIosrael é. Rinne sé staidéar de chineál éigin i dTel Aviv, ach ansin shocraigh sé síos faoin tuath lena chuid beatha a shaothrú ina thréadaí caorach dó (!). Chrom sé ar an scríbhneoireacht ina fhear óg dó, agus é ag cumadh úrscéalta is gearrscéalta; thairis sin, chuir sé le chéile diolaim d'fhinscéalta de chuid sheict Ghiúdach na gCasaideach. Sa bhliain 1994 a fuair sé bás. Chleachtaíodh sé stíl shimplí shothuigthe gan ornáidí breise.
Líne 79:
Tá carn mór d'úrscéalta scríofa aige; thairis sin, tá sé an-ghnóthach ina fhear mhór díospóireachta i gcúrsaí na síochána, agus é ag foilsiú altanna fá dtaobh den choimhlint Arabach-Iosraelach go minic. Bhí sé orthu siúd a chuir ar bun an ghluaiseacht udaí Síocháin Anois. Ball d'Acadamh na hEabhraise atá ann fosta.
 
Scríbhneoir eipiciúil próis is ea é Amos Oz nach mbíonn aon drogall air roimh ceisteanna tráthúla cogaidh is polaitíochta ná stair Iosrael a chardáil ina chuid scríbhinní.
 
== Léigh freisin ==
* Ó LAOIRELaoire, Muiris: ''Athbheochan na hEabhraise - Ceacht don Ghaeilge?'' An Clóchomhar, Baile Átha Cliath 1999
* An [[Aibítir Eabhraise]]
* [[An Phalaistín]]