An difríocht idir athruithe ar: "An tSeoirsia"

Content deleted Content added
Removed empty paragraph
mNo edit summary
Líne 44:
|fonótaí=}}
[[Íomhá:Georgia cities01.png|thumb|250px|right]]
Tír i gCugas is ea í '''an tSeoirsia''' agus í ag críochantacht leis [[an Asarbaiseáin (tír)|an Asarbaiseáin]], [[an Airméin]], [[an Tuirc]] agus [[an Rúis]]. ''Gruziya'' (Грузия) a thugtar uirthi as Rúisis, agus mar sin, feictear an leagan ''An Ghrúis'' sa Ghaeilge freisin. Is é an t-ainm atá ag muintir na Seoirsia ar a dtír ina dteanga féin ná ''Sakartvelo'' (საქართველო). Bhain an tír a neamhspleáchas amach sa bhliain 1991 ón [[An tAontas Sóivéadach|Aontas Sóivéadach]].
 
== Daonra ==
Is í an t[[Seoirsis]] teanga oifigiúil na Seoirsia, agus tá aibítir dá cuid féin aici. Teanga Chugasach Dheisceartach is ea í, rud a chiallaíonn nach bhfuil gaol ar bith aici le bunús mór na dteangacha eile s[[an Eoraip]]. Labhraítear roinnt mhaith teangacha eile sa Seoirsia, go háirithe [[Asarbaiseáinis]] (6.5 %) agus [[Airméinis]] (5.7 %). Tá dornán Rúiseach ina gcónaí sa tír fós, ach ó bhain an tSeoirsia amach a neamhspleáchas, d'fhág an chuid ba mhó acu an áit. Cloistear na teangacha Margaluri (Megreli), Svan, agus Laz in áiteanna. Tá gaol acu leis an Seoirsis, ach tá siad an-difriúil léi, agus mar sin, is é an dearcadh atá ag na teangeolaithe nach canúintí iad ach teangacha iontu féin. Agus an méid sin ráite, is í an tSeoirsis chaighdeánach an [[Teanga (cumarsáid)|teanga]] a úsáideann lucht labhartha na dteangacha seo le haghaidh na [[litríocht]]a is na léitheoireachta. Mar sin, murar canúintí iad, ní bhaintear ach úsáid na canúna astu. Tá Seoirsis nó ceann de na teangacha gaolmhara seo ag 83.8 % de mhuintir na tíre .
 
Cosúil leis an Airméin, is náisiún seanársa [[Críostaíocht|Críostaí]] í an tSeoirsia, agus eaglais náisiúnta ar leith ag na Seoirsigh. Mar sin féin, is [[Ioslam|Muslamach]] is ea é duine as gach deichniúr sa Seoirsia. Cuid mhór de na Muslamaigh sa tír, is Aidseáraigh iad, is é sin, Seoirsigh a chuaigh leis an Ioslam nuair a bhí na hOtamánaigh i seilbh na tíre. Is iomaí duine acu a d'iompaigh ina gCríostaithe nuair a bhain an tSeoirsia amach a neamhspleáchas, daoine óga ach go háirithe. Tá eaglais náisiúnta dá gcuid féin ag na hAirméanaigh freisin. Thairis sin, tá dornán beag [[Caitliceachas|Caitliceach]] agus [[Protastúnachas|Protastúnach]] ann, agus is é an tIoslam reiligiún na nAsarbaiseánach sa tír.
*
{{Reflist}}