An difríocht idir athruithe ar: "Dónall Ó Braoin"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
Líne 5:
Rugadh an Braonach, nó ''Dan Breen'', mar a thugtaí air as [[Béarla]], do lánúin feirmeoirí ar [[an tSulchóid Bheag]] i g[[Contae Thiobraid Árann|Co. Thiobraid Árann]]. Fuair sé oideachas san áit chéanna sula ndeachaigh sé leis an bpláistéireacht mar shlí beatha. Ina dhiaidh sin, bhí sé ag obair ina fhear líne don ''[[Great Southern Railway]]''. Chuaigh sé sna h[[Óglaigh na hÉireann|Óglaigh]] sa bhliain 1914. Ar an aonú lá fichead de Mhí Eanáir 1919, an lá céanna ar tháinig [[An Chéad Dáil|an chéad Dáil]] le chéile i m[[Baile Átha Cliath]], bhí an Braonach páirteach i luíochán ar an tSulchóid Bheag. Faoi cheannas [[Seán Ó Treasaigh|Sheáin Uí Threasaigh]], d'ionsaigh dornán d'Óglaigh díorma de [[Constáblacht Ríoga na hÉireann|shaighdiúirí dubha]] a bhí díreach ag seoladh lasta ábhair phléasctha go dtí cairéal na háite. Fuair beirt saighdiúirí dubha bás sa teagmháil. Is gnách glacadh leis gurbh é an cath seo a chuir tús le [[Cogadh na Saoirse (Éire)|Cogadh na Saoirse]] in [[Éire|Éirinn]].
 
Le linn an chogaidh, gheall na Gaill duais deich míle punt d'aon duine a chimeodh an Braonach. Mar sin féin, bhí sé in ann é féin a chur i gceannas ar chuid mhór de na hÓglaigh. Ábhar scéalaíochta agus seanchais is ea é a chrógacht mar Óglach. Nuair a bhí an dá chogadh - Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad - thart, vótáladh isteach ar an Dáil é sa bhliain 1923, mar phoblachtach a bhí in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh.
 
Sa bhliain 1924, d'fhoilsigh sé leabhar faoin am a chaith sé ina threallchogaí, ''My Fight for Irish Freedom''. Ní raibh sé féin ina scríbhneoir maith, ach fuair sé cuidiú óna chara, Somhairle Ó Fathaigh, arbh é deartháir Phroinsias Uí Fhathaigh é. Cuireadh Gaeilge ar an leabhar freisin, agus tháinig an t-aistriúchán i gcló faoin teideal ''Ag Troid ar son na Saoirse''. Sa chéad olltoghchán sa bhliain 1927, chaill an Braonach a shuíochán Dála, agus chuaigh sé go Meiriceá. Nuair a tháinig sé ar ais, d'éirigh ní b'fhearr leis, agus fuair sé a shuíochán ar ais i dtoghchán na bliana 1932. Chaith sé an chéad tríocha bliain eile ina Theachta Dála do Thiobraid Árann. D'éirigh sé as sa bhliain 1965 le dul ar pinsean, agus shíothlaigh sé i mBaile Átha Cliath, ceithre bliana ina dhiaidh sin.