An difríocht idir athruithe ar: "Naomh Pádraig"

Content deleted Content added
Dexbot (plé | dréachtaí)
m Removing Link FA template (handled by wikidata)
mNo edit summary
Líne 10:
== Seanchas agus Béaloideas ==
 
Tá ról tábhachtach ag Pádraig i m[[béaloideas]] na h[[Éire]]ann agus na [[Gaeltacht]]a, agus is iomaí scéal a d'insíodh seanchaithe an tseansaoil faoi. Chuala saol na Gaeilge iomrá ar an lá a casadh Pádraig agus [[Oisín Mac Fhinn|Oisín]], an fear deireanach de na [[Fianna]], ar a chéile in Éirinn. Meafar iontach is ea é an scéal seo don dóigh ar tháinig [[an Chríostaíocht]] go hÉirinn agus [[an Phágántacht]] ag cúlú roimpi.
 
Nuair a bhí lá na Féinne thart, phós Oisín banphrionsa ó [[Tír na hÓige|Thír na hÓige]] agus chuaigh a chónaí thall ansin, ach i ndiaidh trí chéad bliain, tháinig cathuithe air i ndiaidh an tseanfhóid. Mar sin, d'fhill sé go hÉirinn ar mhuin chapaill draíochta, agus é curtha faoi gheasa gan baint d'aon rud ná titim anuas den chapall. Bhris sé na geasa, ar ndóigh, thréig an capall bán é, agus b'éigean dó fanacht in Éirinn agus bás a fháil ansin.