An difríocht idir athruithe ar: "Naomh Pádraig"

Content deleted Content added
Líne 10:
== Seanchas agus Béaloideas ==
 
Tá ról tábhachtach ag Pádraig i m[[béaloideas]] na h[[Éire]]ann agus na [[Gaeltacht]]a, agus is iomaí scéal a d'insíodh seanchaithe an tseansaoil faoi. Chuala saol na Gaeilge iomrá ar an lá a casadh Pádraig agus [[Oisín Mac Fhinn|Oisín]], an fear deireanach de na [[Fiannaíocht|Fianna]], ar a chéile in Éirinn. Meafar iontach is ea an scéal seo don dóigh ar tháinig [[an Chríostaíocht]] go hÉirinn agus [[an Phágántacht]] ag cúlú roimpi.
 
Nuair a bhí lá na Féinne thart, phós Oisín banphrionsa ó [[Tír na hÓigenÓg|Thír na hÓigenÓg]] agus chuaigh a chónaí thall ansin, ach i ndiaidh trí chéad bliain, tháinig cathuithe air i ndiaidh an tseanfhóid. Mar sin, d'fhill sé go hÉirinn ar mhuin chapaill draíochta, agus é curtha faoi gheasa gan baint d'aon rud ná titim anuas den chapall. Bhris sé na geasa, ar ndóigh, thréig an capall bán é, agus b'éigean dó fanacht in Éirinn agus bás a fháil ansin.
 
Chuala Pádraig trácht air, áfach, go raibh fear de na Fianna clúiteacha fágtha sa tír, agus chuaigh sé i bhfianaise Oisín. Bhí sé dóchasach go n-éireodh leis Oisín a iompú i leith an chreidimh Chríostaí. Ní raibh aon mhaith ann, áfach, bheith ag caint le hOisín faoi Dhia, nó ní raibh ina bhéal siúd ach [[Goll Mac Mórna|Goll]]. "Ní chreidfinnse i nDia", ar seisean, "go dtí go bhfeicfinn Eisean agus Goll ag coraíocht le chéile. Dá n-éireodh le Dia Goll a leagan ansin, chreidfinn gurb é Dia an fear is fearr acu." Ansin, thaispeáin Pádraig d'Oisín an dóigh a raibh na Fianna, nár chuala iomrá riamh ar Dhia ná ar Íosa, ag troid leis na diabhail in Ifreann. D'fhiafraigh sé d'Oisín, nárbh fhearr leis flaithis Dé a bhaint amach, in áit na troda síoraí sin, ach níorbh fhearr: bhí Oisín díreach mífhoighneach chun "iall a chur i súiste Ghoill", mar a dúirt sé.