An difríocht idir athruithe ar: "Seán Ó Cathasaigh"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 37:
Bhí an ''Plough and the Stars'' ceaptha mar dhráma frithchogaidh, ach is é an chiall a bhain an lucht féachana as ná gur dráma frithnáisiúnaíoch a bhí ann. Mar sin, spreagadh an lucht féachana chun scliúchais a chur suas a bhí cosúil leis na círéibí a tháinig as an b''Playboy of the Western World'' le [[John Millington Synge]] sa bhliain [[1907]]. Mar sin féin, d'éirigh an Cathasach as a jab le cromadh ar an scríbhneoireacht go lánaimseartha.
 
D'iompaigh [[Alfred Hitchcock]] ''Juno and the Paycock'' ina scannán mór-ratha. Sa bhliain 1959, cheadaigh an Cathasach don cheolchumadóir Mheiriceánach [[Marc Blitzstein]] ceoldráma a dhéanamh de ''Juno and the Paycock'', faoin teideal ''Juno''. Níor éirigh leis an gceoldráma, nó bhí na léirmheastóirí den tuairim go raibh an dráma ródhuairc le haghaidh ceoldrámadóireachta. Mar sin féin, meastar gur cuid den cheol is fearr a chum Blitzstein riamh is ea é ceol an dráma seo. Cé go bhfuair Blitzstein faomhadh an Chathasaigh, ní dhearna an scríbhneoir, a bhí naoi mbliana déag is trí scór d'aois faoin am sin, aon iarracht le bheith i láthair ag léiriú an cheoldráma. Cé go bhfuil an ceol agus an dráma thar barr ar fad, níor éirigh le haon duine ina dhiaidh sin an ceoldráma a athbheochan ar an stáitse.
 
== Na blianta i Sasana ==