An difríocht idir athruithe ar: "Väinö Linna"

m
no edit summary
m
Thar aon rud eile, bhí an leabhar foirgthe le tíopaí dodhearmadta de dhaoine a bhféadfadh aon saighdiúir a chomhionannú a dhéanamh le duine acu. An chuid is mó acu, áfach, níl siad róchurata mar shaighdiúirí. Ní suim le ''Rahikainen'', mar shampla, ach mná, camghnóthaí agus ól, agus nuair a chuirtear na fir ar stáisiún i gcathair atá forghafa ag na Fionlannaigh, ní thógann sé mórán ama ar Rahikainen fíor-impireacht mheirdreachais agus chaimiléireachta a chur ar bun sa chathair. Maidir le ''Vanhala'', is buachaill simplí páistiúil é nach dtuigeann i gceart dáiríreacht an chogaidh, agus é ag sciotaíl gháire an t-am ar fad faoi scéalta magaidh na saighdiúirí eile.
 
An bheirt fhear atá fíorchróga, níl siad ró-oiriúnach mar laochra dearfacha ach an oiread. Fear fiáin docheansaithe is ea é ''Rokka'', agus é in ann an complacht a tharrtháil uair i ndiaidh uaire leis an dóigh speisialta atá aige ar an meaisínghunna, chomh maith leis an nguaim a choinníonn sé ar a eagla féin nuair a bhíonn an chuid eile den chomplacht ag imeacht leis an ngaoth le falsaer is le táinrith. Ó tá sé chomh docheansaithe is atá, áfach, ní thugann sé mórán aird ar orduithe na n-oifigeach ach an oiread, ó chreideann sé go bhfuil fios a ghnó aige féin níos fearr ná ag na boic mhóra. Maidir le ''Lehto'', arís, níl caill air sin mar shaighdiúir, ach is léir gur [[Síceapaite|síceapatach]] míthrócaireach é nach bhfuil ach dímheas agus fuath aige ar aon duine is laige ná é féin. Caitheann sé anuas ar shaighdiúir óg atá scanraithe, agus nuair a fhágtar cime cogaidh Rúiseach faoina chúram, maraíonn sé an cime le tallann Shádach a shásamh. Loighciúil go leor, nuair a fhaigheann Lehto é féin gonta go héag sa deireadh, cuireann sé lámh ina bhás féin gan mhoill.
 
== Eipic Mhillteanach na Staire ==
 
Duine de na pearsana is lú suntais is ea é Vilho Koskela, oifigeach de phór an lucht oibre a dtugann a chomplacht Ville Vaitelias, nó Liam ina Thost, air. Ní labhraíonn sé mórán, agus is ciúin an cineál báis féin a fhaigheann sé sa deireadh, ach is é a chiúnas - an dóigh a seachnaíonn sé baothchaint - a thuilleann clú dó óna chuid saighdiúirí. Is é an rud is spéisiúla faoi ná nuair a thosaíonn duine de na saighdiúirí ag canadh amhrán Cumannach le stainc ar na hoifigigh, go n-iarrann Koskela air leanúint leis. Nó is amhlaidh go bhfuil cuimhní a chéad óige fite fuaite le cogadh cathartha na Fionlainne sa bhliain [[1918]], nuair a bhí na Gardaí Dearga is na Gardaí Bána ag cur cogaidh ar a chéile faoi thodhchaí na Fionlainne. San am sin a chuala Koskela na hamhráin seo, nuair nach raibh ann féin ach buachaill beag.
 
Nuair a bhí díospóireacht an tSaighdiúra Anaithnid traidhfilín ciúnaithe síos, bhí d'uain ag Linna cromadh ar an gcuid eile de scéal mhuintir Koskela a insint. B'ansin - i ndeireadh na gcaogaidí agus i dtús na seascaidí - a scríobh sé an tríológ mhór mhillteanach úd ''Täällä Pohjantähden alla'' ("Anseo faoin Réalta Pholach").
Tosaíonn an triológ i ndeireadh na naoú haoise déag, leis na focail chlúiteacha ''Alussa oli suo, kuokka - ja Jussi'' - is é sin, "i dtús báire, ní raibh ann ach portach, matóg agus Seáinín" (is é ''Jussi'' an leagan Fionlainnise de Eoin nó Seán). Portach de chuid an mhinistéara is ea é, agus is scológ é Jussi a bhfuil féith na hoibre ann, sa chaoi is go ngeallann an ministéir dó bothán tionónta a thógáil in áit an phortaigh, má éiríonn leis an portach a dhraenáil, talamh an phortaigh a iompú bun os cionn agus an áit a thabhairt chun míntíreachais. Draenálann sé an portach agus tógann sé an bothán ina bhfuil sé lena chlann a thabhairt suas. Mar seo, cuireann Jussi bun le muintir Koskela, agus is trí eachtraí an teaghlaigh seo a thaispeánann Linna dúinn cinniúint na bhFionlannach i measc imeachtaí na staire comhaimseartha.
 
Fiú i ndiaidh a chuid tailte féin a mhíntíriú, níl i Jussi ach tionónta, agus an ministir Salpakari mar thiarna talún aige. Bean bhaoth fhanaiceach is ea í bean chéile an mhinisteara, agus í ag síleadh an dúrud di féin. Náisiúnaí cruthanta í, ach siúd is go bhfuil an Fhionlainnis i mbarr a teanga aici, ní thuigeann sí don chosmhuintir leath chomh maith is a chreideann sí. Déanann sí, fosta, spior spear de chúrsaí eacnamaíochta an tí, i gcruth is go gcaithfidh an ministir cuid de thailte an bhotháin a choigistiú ó Jussi. Faoin am seo, áfach, tá clann ag Jussi, triúr mac nach bhfuil in aon chóngar do bheith chomh humhal le Jussi féin do na daoine uaisle. Is é a dtuairim siúd go gcaithfear sásamh na dtailte a bhaint as an ministir, an lá is faide anonn.
 
Tá imeachtaí an tsaoil mhóir ag cúngú isteach ar mhuintir Pentinkulma féin - sin é ainm an tsráidbhaile ina bhfuil cónaí ar mhuintir Koskela. Tugann Linna cur síos ar an dóigh a dtéann [[Forógra na Feabhra (An Fhionlainn)|forógra na Feabhra]] [[1899]], [[Réabhlóid na Rúise 1905|stailc mhór na bliana 1905]] agus [[Cogadh Cathartha na Fionlainne|cogadh cathartha na Fionlainne]] i bhfeidhm ar bhunadh na háite.
5,696

edits