Institiúid [[teangeolaíocht]]a san [[an Fhionlainn|Fhionlainn]] is ea é '''KOTUS''', nó '''Lárionad Taighde na dTeangacha Dúchasacha''' ([[Fionlainnis]]: ''Kotimaisten kielten keskus'', [[Sualainnis]]: ''Institutet för de inhemska språken''). Is é lárionad teangeolaíochta an Stáit Fhionlannaigh é, agus é ag déanamh taighde ar an bhFionlainnis, ar an tSualainnis san Fhionlainn, ar na teangacha Laplannacha, ar theanga na nGiofóg Fionlannach agus ar theanga comharthaíochta na mbodhar. Is iad an phleanáil [[teanga]], an fhoclóiríocht agus an chomhairleoireacht teanga na clocha is mó ar phaidrín an Lárionaid. Eisíonn an Lárionad dhá iris a thugann cuidiú agus comhairle don ghnáthléitheoir faoi úsáid cheart na dteangacha náisiúnta: ''Kielikello'' as Fionlainnis, agus ''Språkbruk'' as Sualainnis.