An difríocht idir athruithe ar: "An tSicilis"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 67 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q33973 (translate me)
mNo edit summary
Líne 5:
Ní úsáidtear mórán Sicilise i [[litríocht]] inniu, ach amháin ar mhaithe leis an gcanúnachas. Ina dhiaidh sin féin, tá traidisiún liteartha ag an gcanúint a théann siar a fhad leis an dara nó an tríú haois déag. Sna blianta sin, bhí scoil [[filíocht]]a ag cumadh dánta agus laoithe Sicilise san oileán in aithris ar fhilíocht na dtrúbadóirí i nDeisceart na Fraince.
 
Bhí an-tionchar ag an tSicilis ar an [[Máltais]]. Araibis ab ea í an Mháltais ar dtús, ach ghlac sí leis na mílte iasachtaí ón tSicilis, i gcruth is nach bhfuil ann inniu ach focail Sicilise agus iad fáiscthe isteach i bhfráma na gramadaí Araibise. Fiú na focail a fuair an Mháltais ón [[Iodáilis]] chaighdeánaithe, is dual don Mháltach iad a fhuaimniú mar a d'fhuaimneodh an Sicileach iad, agus a chuma sin ar an litriú Máltaise. Mar shampla, ''teatru'' is ea é an focal Máltaise ar an "amharclann", agus ní ''teatro''.
 
Níltear cinnte, an bhfuil mórán todhchaí i ndán don tSicilis, áfach. De réir mar atá an scoil ag cur na hIodáilise caighdeánaithe i mbéal na ndaoine óga, tá an tSicilis ag imeacht. Is dócha gurb é [[Mafia]] an chosaint is fearr atá ag an [[teanga (cumarsáid)|teanga]], íorónta go leor. Nó is léir go bhfuil sé ag teacht isteach úsáideach ag na coirpeoirí teanga rúnda a bheith acu nach bhfuil intuigthe ag na péas.