Osclóidh seo an príomhroghchlár

Changes

8 bytes removed ,  2 bhliain ó shin
m
no edit summary
 
=== [[Sean-Bhéarla]] ===
 
Glactar leis gurb iad na blianta ó theacht na nAngla-Shacsanach go Sasana go dtí an gabháltas Normannach tréimhse an tSean-Bhéarla. Bhí an Sean-Bhéarla ní ba chosúla leis an t[[Sean-Ard-Ghearmáinis]] nó leis an Íoslainnis ná le Béarla an lae inniu, agus comhthréithe na dteangacha Gearmáinice le haithint air go soiléir. Bhí cúig thuiseal ann, mar shampla, agus uimhir dhéach chomh maith leis an uatha agus leis an iolra. Bhí trí inscne ann chomh maith, an bhaininscne, an fhirinscne agus an inscne neodrach, mar atá in Íoslainnis agus i nGearmáinis an lae inniu.
 
Bhí an Laidin ag imirt a tionchair ar an teanga ó thús, ar ndóigh. Bhí sí tar éis glacadh le focail iasachta ón Laidin sular bhain lucht a labhartha Sasana amach ar aon nós. Bhí an litriú an-chóngarach don fhuaimniú san am, nó i bhfocail ar nós ''cniht'', arb ionann é agus ''knight'' inniu, chualathas an ''c-'' sa chaint go fóill. Ní raibh aon chaighdeán ann, áfach, agus d'fhéadfaí an focal céanna a litriú ar bhealaí an-éagsúla, ag brath ar chanúint an scríbhneora. Nuair a d'aontaigh an Rí Alfred Sasana sa bhliain [[878]], áfach, b'í canúint Wessex a rug bua ar na canúintí eile mar theanga liteartha, agus tá an chuid is mó de na téacsanna Sean-Bhéarla scríofa sa chanúint áirithe sin. Canúintí tábhachtacha eile is ea iad canúint Mercia, canúint Northumberland, agus canúint Kent.
 
Sa naoú agus sa deichiú haois, tháinig na Lochlannaigh agus an teanga a bhí acu i ndlúth-theagmháil leis an mBéarla. Bhunaigh na Lochlannaigh stát dá gcuid féin, ''Danelaw'' nó "Dlí na Danmhairge", in Oirthear Shasana agus na hAlban, agus d'fhág a dteanga a lorg ar na canúintí Béarla a labhraítear sa chuid seo den tír, go dtí ár lá féin. Ós rud é go raibh gaol ag an dá theanga - an Béarla agus an Lochlainnis - le chéile, agus iad cuíosach intuigthe ag cainteoirí a chéile, chuaigh go leor focail agus, fiú, foirmeacha gramadaí Lochlannacha in úsáid sa Bhéarla ansin. Creidtear gur chothaigh meascán an dá theanga neamhchinnteacht i leith na gramadaí i measc lucht labhartha an Bhéarla. D'imigh na hiarmhíreanna casta gramadúla as úsáid sa Bhéarla i bhfad ní ba sciobtha ná sna teangacha Gearmáinice eile, agus is féidir gur ceann de na príomhchúiseanna leis an meath seo an neamhchinnteacht sin.
=== Nua-Bhéarla ===
 
Sa chúigiú haois déag, tháinig athrú mór ar fhuaimeanna an Bhéarla, is é sin, Aistriú Mór na nGutaí. Inniu, fuaimnítear focail ar nós ''gate'' mar [geit], ach i ré an Mheán-Bhéarla Mhoich, bhí an fuaimniú i bhfad ní ba chóngaraí don litriú, [ga:tə]. Ceann de thorthaí Aistriú Mór na nGutaí is ea í an difríocht seo, agus is é an t-aistriú sin an rud is mó a dhealaíonn an Nua-Bhéarla ón Meán-Bhéarla.
 
Áirítear gurbh iad Bíobla an Rí Séamas agus saothair [[William Shakespeare]] a chuir tús leis an litríocht Nua-Bhéarla, i dtús na séú haoise déag. Mar sin féin, d'athraigh an teanga go mór idir an Nua-Bhéarla Moch seo agus an cineál Nua-Bhéarla a labhraítear inniu. Mar shampla, chuaigh an sean-fhorainm ''thou'' agus foirmeacha an bhriathair a bhí ag dul leis - an iarmhír ''-st'', cosúil le ''thou sayest'' - in éag go hiomlán sa ghnáthchaint agus sa chuid is mó de na stíleanna scríofa.
5,621

edits