An difríocht idir athruithe ar: "An tSeicis"

Content deleted Content added
mNo edit summary
mNo edit summary
Líne 16:
Is í an t'''Seicis''' an [[Teanga (cumarsáid)|teanga]] Shlavach a labhraítear sa [[An tSeic|tSeic]] agus i measc lucht imirce ón tSeic sna [[tír|tíortha]] eile, go háirithe san Oileán Úr agus san [[an Ostair|Ostair]]. Ar fud an [[domhan|domhain]], tá sí ag dhá mhilliún déag de dhaoine ó dhúchas. Is í an t[[Slóvaicis]] an teanga is gaolmhaire léi, agus an dá theanga sách intuigthe ag cainteoirí na teanga eile. Mar sin féin, tá caighdeán scríofa agus [[litríocht]] dá gcuid féin ag na Slóvacaigh, agus difríochtaí suntasacha ag baint leis an gcóras díochlaonta.
 
Teanga ard[[cultúr|chultúr]]tha is ea í an tSeicis. Tá cáil ar [[scríbhneoir]]í móra nua-aimseartha na Seice cosúil le [[Karel Čapek]], [[Jaroslav Seifert]] agus [[Jaroslav Hašek]]. Is é úrscéal Hašek, ''Osudy dobrého vojáka Švejka za světové války'' ("Eachtraí an dea-shaighdiúra Švejk sa chogadh domhanda") an leabhar is clúití a tháinig ar pár as Seicis riamh, agus is minic a chuirtear i gcomparáid le ''Don Cíochótae'' é.
 
Tá caighdeán scríofa na Seicise bunaithe ar theanga Chlasaiceach [[An Bíobla|an Bhíobla]], is é sin, ''Bible Kralická'' nó Bíobla Kralice, a bhaineann leis an séú haois déag. Bhí teanga an aistriúcháin seo sórt seanfhaiseanta lena lá féin, gan aon trácht ar an lá inniu, agus mar sin, tá Seicis labhartha ár linne an-difriúil leis an teanga a scríobhtar. Is féidir a rá, fiú, go bhfuil sórt [[débhéascna]] ag baint leis an tSeicis.